

An aimsir ghinearálta: Beidh sé beagán níos fuaire ná an tseachtain seo caite ach beidh go leor aimsir thirim ann, agus beagán báisteach, go dtí an Déardaoin ar aon nós.
An aimsir don Luan
Glanfaidh aon cheo, ceobhrán agus sioc ar bith a mbeidh ann maidin Dé Luain. Beidh sé tirim agus geal le tréimhsí maithe ghréine. Teocht is airde de 9 go 13 céim le leoithne(breeze) éadrom agus athraitheach.
Oíche Luain: Meascán de scamall agus tréimhsí soiléire thar oíche ach níos déanaí san oíche beidh níos mó scamall ag brú isteach ar fud chontaetha an iarthair.
Beidh ceo agus ceobhrán ann, ag éirí láidir i gceantair áirithe agus le sioc freisin.
An teocht is ísle de 1 go 4 céim go ginearálta ach níos lú fuacht faoi chlúdach scamall i gceantair chósta an iarthair.

An aimsir don Mháirt
Beidh ceo agus ceobhrán mall le glanadh ó roinnt ceantair intíre Dé Máirt.
Lá tirim de ghnáth a bheidh ann le tréimhsí gréine ach beidh sé rud beag níos scamallaí i gceantair chósta an Atlantaigh le roinnt ceo.
Teocht is airde 8 go 12 céim i ngaoth éadrom agus athraitheach.
Tirim den chuid is mó oíche Máirt le tréimhsí soiléire ach táthar ag súil go forleathan le ceo agus ceobhrán.
Báisteach agus ceobhrán ar an gcósta thuaidh i dtreo breacadh an lae. Teocht is ísle de 1 go 4 céim le gaotha éadrom.
An réamhaisnéis don Chéadaoin
Beidh réimsí ceo agus ceobhrán mall le glanadh arís maidin Dé Céadaoin.
Beidh tréimhsí gréine ar fud na leithe theas den tír ach tiocfaidh sé scamallach thar an leath thuaidh den tír le roinnt báisteach éadrom nó ceobhrán i gceantair chósta thuaidh.
Teocht is airde de 8 go 13 céim le leoithní éadrom den chuid is mó.
Go ginearálta scamallach oíche Chéadaoin le ráigeanna scaipthe báistí agus ceobhrán ag brú ó dheas thar Éirinn, ach is beag báistí a bheidh ann.
An teocht is ísle de 5 go 9 gcéim le gaotha thuaidh éadrom.
An réamhaisnéis don Déardaoin
Go ginearálta scamallach ar an Déardaoin le ceobhrán ach beidh aimsir níos tirime agus níos gile ag scaipeadh ón tuaisceart níos déanaí sa lá.
Teochtaí is airde de 10 go 13 céim le gaotha éadrom thoir thuaidh nó athraitheach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.