Aimsir: An tSamhain is teo riamh? Agus gan sneachta ag an Nollaig

Na tuarascálacha aimsire le naisc chuig nuashonruithe (updates) ó Met Éireann. Tá an aimsir ag athrú agus Samhain the le leanúint ar aghaidh, a deir réamhaisnéiseoir Met Éireann

D’fhéadfadh an aimsir an mhí seo a bheith ar an gceann is teo riamh má leanann an teocht le déanaí – agus níltear ag súil le sneachta um Nollaig.

An tseachtain seo, agus an teocht chomh hard le 17C, tá na coinníollacha ‘an-éadrom’ don am seo den bhliain, a deir Met Éireann.

Dúirt Paul Moore ó Met Éireann: ‘Má leanann sé ar aghaidh beidh sé i bhfad os cionn an mheáin.’

Bhí teocht chomh hard le 20.1C i gCiarraí i 2015 ar an lá Samhain is teo sa tír riamh.

Dúirt an tUasal Moore, cé gurbh fhéidir nach mbeadh lá amháin chomh hard sin an mhí seo, go mbeidh an mheánteocht níos airde ná riamh.

An aimsir don Chéadaoin

Beidh Dé Céadaoin den chuid is mó scamallach agus tirim. Beidh roinnt ceo ann, le ceobhrán sa deisceart agus san oirthear.

In áiteanna eile, d’fhéadfadh tréimhsí geala a bheith ann. Na teochtaí is airde de 14 go 17 céim i ngaoth measartha ó dheas, níos úire gar do chóstaí an iarthair.

Oíche Chéadaoin: Scamaill agus éadrom den chuid is mó le cúpla paiste ceo agus ceobhrán, go háirithe sna ceantair theas.

An teocht is ísle de 10 go 13 céim i ngaoth measartha oirdheisceart, láidir amach ón gcósta thiar.

.An aimsir don Déardaoin

Gaofar le go leor scamall. Lá tirim a bheidh ann ach beidh paistí báistí ann, go háirithe sa deisceart agus san iardheisceart.

Teochtaí is airde de 12 go 15 céim i ngaotha measartha go úr.

Is dócha go mbeidh báisteach ag bogadh isteach ón Atlantach le dul i bhfeidhm ar Chúige Mumhan agus Chonnacht go luath oíche Déardaoin, sula rachaidh sé trasna an chuid is mó den tír faoi bhreacadh an lae Dé hAoine.

An teocht is ísle de 10 go 13 céim i ngaotha oirdheisceart éadroma.

An aimsir don Aoine

Táthar ag súil le ráigeanna báistí scaipthe Dé hAoine ar fud na tíre.

Is féidir roinnt tréimhsí gréine a bheith san iarthar. Teocht is airde de 12 go 15 céim le gaotha éadrom agus athraitheach den chuid is mó.

De réir a chéile beidh báisteach agus ceobhrán ann oíche Aoine i gCúige Uladh le roinnt tréimhsí soiléire.

An teocht is ísle idir 7 agus 11 céim i ngaoth theas éadrom nó gaotha athraitheacha.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram