Beagán solas na gréine agus gaotha éadroma: An aimsir le Met Éireann don deireadh seachtaine

Na tuarascálacha aimsire le naisc chuig nuashonruithe (updates) ó Met Éireann 

An aimsir don deireadh seachtaine: Leanfaidh ardbhrú ar aghaidh le bheith in i gceannas ar an aimsir ach go ginearálta beidh sé bog agus socair

An aimsir don Aoine

Lá le beagán solas na gréine a bheidh ann Dé hAoine. Mar sin féin, fanfaidh an chuid is mó den tír  go hiomlán tirim agus gan ach beagán ceobhráin in áiteanna. Réasúnta éadrom le teocht is airde de 12 go 15 céim, i ngaotha éadroma.

Beidh oíche Aoine tirim go príomha agus scamallach den chuid is mó. B’fhéidir go dtiocfaidh roinnt paistí ceo agus ceobhráin. Teochtaí is ísle de 6 go 10 gcéim le gaotha éadroma.

An aimsir don Satharn

Beidh Dé Sathairn tirim agus scamallach den chuid is mó. D’fhéadfadh go mbeadh cúpla paiste ceobhrán ann agus cúpla sos grianmhar freisin. Teochtaí is airde de 13 go 15 chéim, le gaotha éadroma

Tabharfaidh oíche Shathairn meascán de scamall agus tréimhsí soiléire isteach, chomh maith le ceobhrán ó am go chéile. Teochtaí is ísle de 7 go 11 céim le gaoth éadrom.

An aimsir don Domhnach

Leanfaidh an Domhnach ar aghaidh le haimsir tirim agus scamallach den chuid is mó le cúpla spota ceobhrán. D’fhéadfadh roinnt sosanna gréine a fhorbairt freisin.

Teocht is airde 12 go 15 chéim le gaotha éadroma.

An aimsir don Luan

Beidh Dé Luain tirim agus scamallach den chuid is mó le teochtaí is airde de 12 go 15 céim agus gaoth éadrom.

Réamhaisnéis don Mháirt

Faoi láthair tá an chuma ar an scéal go dtosóidh an Mháirt tirim, ach go mbogfaidh ráigeanna báistí isteach ón iardheisceart níos déanaí sa lá.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram