

Tá litir seolta chuig an Aire Oideachais Norma Foley faoin léiriú a dhéantar ar theaghlaigh Éireannacha i leabhair scoile
Fuair an Roinn Oideachais mórán gearán faoi théacsleabhar scoile conspóideach a spreag ceannlínte ar fud an domhain.
Léirigh na leabhair do pháistí teaghlach steiréitipiciúil Éireannach le gruaig rua agus geansaithe Árann.
I litreacha chuig an Aire Oideachais Norma Foley, scríobh baill den phobal go raibh ‘náire’ orthu faoin léiriú a rinne siad ar theaghlach Éireannach.
Chuir duine amháin síos ar an bportráid de theaghlach Éireannach sna leabhair scoile mar ‘frith-Éireannach chiníochas’.

Dúirt duine eile gur ‘íomhá bhréige as dáta agus “caricature” de chultúr na hÉireann, de mhuintir na hÉireann agus de ghnéithe áirithe de shaol na hÉireann’ a bhí ann.
Chuir an téacsleabhar an-fhearg ar daoine a bhí ag postáil sna meáin shóisialta agus d’úsáid baill de lucht siúd i bhfad ar dheis (far right) é freisin sa mhéid a mhaígh siad gur ‘cogadh cultúir’ a bhí ann.
San íomhá chonspóideach bhí teaghlach de cheathrar ag obair ar fheirm agus ag ithe prátaí, bagún agus cabáiste.
Dúradh fiú nach meascfaidís le daoine a raibh reiligiúin eile acu mar gur ‘drochthionchar’ a bheadh iontu.
Tharraing an foilsitheoir na híomhánna agus an téacs sna leabhair scoile siar níos déanaí.
Rinne an Roinn Oideachais iarracht í féin a scaradh ón téacsleabhar, ag rá nach raibh sé laistigh dá gcuraclam ná d’ábhar eile a d’fhoilsigh siad.
Mar sin féin, scríobh timpeall 50 duine go díreach chuig an Roinn nó chuig an Aire Foley lena míshásamh a chur in iúl.
Scríobh duine amháin: ‘Mar bhall den pháirtí, tá faitíos orm go gceadódh aire d’Fhianna Fáil magadh follasach ar chultúr traidisiúnta na hÉireann – an cultúr céanna a fuair tacaíocht ó de Valera agus na glúnta de pholaiteoirí Fhianna Fáil.’

Scríobh gearánach eile faoina ‘díomá mhór’ a bhí orthu, ag rá nár cheart aon teaghlach Éireannach a bheith léirithe go deo ar ‘bhealach chomh aineolach go cultúrtha’.
Scríobh siad: ‘An é seo mar atá sé i ndáiríre? Ms Foley agus an Taoiseach Simon Harris.
‘An bhfuil aon mhothú agaibh ar chultúr na hÉireann? An fiú rud ar bith é?’
Dúirt duine eile – a rinne cur síos orthu féin mar duine le gruaig rua, a labhair Gaeilge agus a raibh grá aige don CLG agus don cheol traidisiúnta – go raibh an léiriú ‘vile’.
Mhaígh múinteoir meánscoile atá ar scor go raibh an íomhá ag iarraidh ‘traidisiúin agus luachanna cultúrtha na hÉireann a mhaolú’.

D’fhiafraigh siad: ‘Cad é an cuspóir atá le múineadh do pháistí an Stáit go bhfuil a gcuid spóirt, a gceol, a dtraidisiúin agus a saol faoin tuath níos ísle ar bhealach éigin?’
Dúirt urlabhraí don Roinn Oideachais, seachas líon beag téacsanna forordaithe ag an iar-bhunleibhéal, go raibh sé de fhreagracht ar gach scoil na hacmhainní teagaisc a d’úsáidfeadh síad chun tacú leis an gcuraclam a roghnú.
Dúirt siad nach bhfuil aon liosta seasta ann, go gcinneann múinteoirí agus scoileanna cad a oibríonn is fearr dá ndaltaí, agus go spreagtar tuismitheoirí chun téacsleabhair a léamh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.