

Tá an oiread sin ag tarlú anois i saol na Gaeilge go bhfuil sé deacair daoine a choinneáil ar an eolas.
Tá cuid mhaith de ag tarlú ar líne – agus i bhfad, i bhfad níos mó ar siúl leis an nGaeilge sa saol mór.
Is liosta é an colún seo de chuid de na rudaí a tháinig chun solais dúinn le seachtain anuas nó mar sin, do dhaoine ar mhaith leo Gaeilge a labhairt.
●Má tá imeacht i do cheantar, nó níos fearr fós, má bhíonn imeachtaí rialta ar siúl, seol alt nó dhó chugainn leis na sonraí agus pictiúr nó póstaer nó dhó freisin.
______________

Tickéid ANSEO
_______

Tá feachtas náisiúnta tiomsaithe airgid seolta ag Glór na nGael i Ráth Chairn faoin teideal ’Ná Dún do Shúile – Don’t Turn Away’ chun tacaíocht a thabhairt don Palestine Red Crescent Society.
Cuireann an Palestine Red Crescent Society seirbhísí éigeandála leighis, cúram otharchairr, agus cabhair dhaonnúil ar fáil i nGaza, áit a bhfuil gá práinneach agus leanúnach.
‘Tá an pobal in Éirinn ag lorg bealaí praiticiúla le tacú le muintir Gaza,’ a dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael. ‘Tá sé mar aidhm againn €20,000 ar a laghad a bhailiú don Palestine Red Crescent Society, agus táimid anois ag glacadh síntiús tríd an ardán iDonate.’ Déan teagmháil ANSEO
Tá grúpaí pobail á spreagadh imeachtaí a reáchtáil – cosúil le maidineacha caife – chun airgead a bhailiú agus tacaíocht a léiriú. Tá acmhainní ar fáil le híoslódáil saor in aisce ANSEO
_______

Dé Céadaoin 25 Meitheamh – Beidh SEAS: Lá Abhcóideachta na nGael ar siúl ar an gCéadaoin 25 Meitheamh in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath.
Is lá stocaireachta é SEAS, á reáchtáil go bliantúil ag Conradh na Gaeilge chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur os comhair na bpolaiteoirí, idir Teachtaí Dála, Seanadóirí, agus MLAs.
Tabharfar cuireadh chuig gach Teachta Dála agus Seanadóir cruinniú a eagrú linn ar an gCéadaoin 25 Meitheamh in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath mar a bheidh deis ag ionadaithe Chonradh na Gaeilge agus pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ceisteanna maoinithe, polasaithe, agus tacaíochta don teanga a phlé ar bhonn áitiúil agus náisiúnta.
Is féidir clárú ANSEO más spéis leat bheith i láthair agus freastal ar chruinnithe le polaiteoirí do thoghcheantair.

______
Satharn 5 Iúil – Tá agóid náisiúnta tithíochta ‘Housing Action Now / Beart Tithíochta Anois’ ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an Satharn 5 Iúil, á eagrú ag CATU le tacaíocht ó eagraíochtaí agus feachtais tithíochta eile, Conradh na Gaeilge agus TINTEÁN ina measc.
Beidh bloc Gaeilge & Gaeltachta á eagrú mar chuid den agóid.
Le do thoil líon amach an fhoirm ghairid seo más spéis leat a bheith páirteach ann ar an lá.
_______

______

Chun eolas a fháil ar cad atá ar siúl i mBaile Átha Cliath, cliceáil ANSEO ar baclegaieilge.ie
Féach deireadh an phoist seo le cliceáil ar naisc chuig trí stáisiún raidió Gaeilge agus TG4
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.