

An Aimsir: Is féidir linn a bheith ag súil le níos mó báistí agus ceathanna i rith an lae, agus beidh sé níos fuaire i rith na hoíche.

An Aimsir don Déardaoin
Tirim den chuid is mó le tréimhsí gréine ach sruthóidh cúpla cith isteach ó thuaidh agus san iarthuaisceart le gaoth éadrom go measartha ó thuaidh go dtí an t-iarthuaisceart. Fuair, le teocht idir 8 agus 11 céim.
Oíche Déardaoin: Tirim agus soiléir don chuid is mó ach níos scamallaí san iarthuaisceart agus san iarthar le roinnt ceathanna ag leanúint ar aghaidh.
Fuar agus an teocht ag titim go dtí idir céim amháin agus 5 céim i ngaoth éadrom siar.
An Aimsir don Aoine
Scamallach le ceathanna scaipthe sa tuaisceart agus san iarthar ach níos tirime le tréimhsí gréine i gceantair eile. An teocht is airde de 9 go 12 céim i ngaoth éadrom go measartha siar.
Oíche Aoine: Oíche fhuar eile, tirim den chuid is mó le meascán de thréimhsí soiléire agus ceathanna eile ag cothú isteach san iarthuaisceart.
An teocht is ísle idir chéim amháin agus 6 céim, is fuaire sa deisceart, i gaoth éadrom thiar theas.
An Aimsir don Satharn
Fionnuar agus le ceathanna ar an Satharn le sealanna grianmhara ó am go chéile. Teocht is airde de 10 go 13 céim sa ghaoth éadrom thiar theas.
Réamhaisnéis don Domhnach
Ag éirí níos suaite ón Domhnach le tréimhsí báistí ar an mbealach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.