Trúpaí na hÉireann sábháilte anois sa Liobáin; agus máirseálacha ollmhóra in aghaidh ionsaithe Iosraelach

05/10/2024

Focail láidre ón Uachtarán ag tacú le trúpaí síochána na hÉireann atá faoi bhagairt ag Iosrael, le tacaíocht ón Taoiseach

Níl aon phleananna faoi láthair trúpaí síochánaíochta na hÉireann a bhaint as an Liobáin tar éis bagairt ó Iosrael. Tá sé ráite ag na Náisiúin Aontaithe go bhfuil sé sábháilte dul ar aghaidh leis an misean, a dúirt an Taoiseach Simon Harris.

Dúirt arm Iosrael le hÉirinn a trúpaí síochánaíochta le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (United Nations Interim Force in Lebanon, Unifil) a bhaint de urphost (outpost) i ndeisceart na Liobáine, ach diúltaíodh don iarratas.

Ní thabharfadh Harris trácht ar an rud a dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn nuair a cháin sé go láidir bagairt Iosrael do thrúpaí na hÉireann.

Ach dúirt Harris go bhfuil ‘leas ár dtrúpaí síochánaíochta go hiomlán chun tosaigh ina chroí agus ina intinn sna rudaí seo ar fad’ ag an uachtarán.

Dúirt an Uachtarán gur rud uafásach é go bhfuil ‘bagairt’ déanta ag arm Iosrael ar choimeádaithe síochána UNIFIL, lena n-áirítear trúpaí Éireannacha, atá ag cosaint daoine áitiúil sa Liobáin ó ionsaí.

Ní raibh saighdiúirí na hÉireann in ann urphost a fhágáil ar an teorainn idir Iosrael agus an Liobáin le roinnt laethanta anuas agus bhí buíon arm Iosrael ag lámhach in aghaidh Hezbollah san áit.

Ach reáchtáladh ceann de na máirseálacha is mó riamh i gcoinne na n-ionsaithe ar Gaza i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn. Agus mháirseáil na mílte eile i gCorcaigh.

An mórshiúl i mBaile Átha Cliath
An mórshiúl i mBaile Átha Cliath

Tá thart ar 10,500 saighdiúir ó 50 náisiún ag UNIFIL ansin agus Éireannaigh thart ar 350 acu.

In ainneoin na bagairtí, tá rún daingean acu fanacht agus iarracht a dhéanamh daoine neamhchiontacha sa cheantar a chosaint.

Faoi Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe níor cheart ach arm na Liobáine agus coimeádaithe síochána na NA a bheith i ndeisceart na Liobáine.

Dúirt urlabhraí de chuid UNIFIL, áfach, gur chuir an IDF (arm Iosrael) in iúl dóibh go raibh sé ar intinn acu bogadh isteach sa Liobáin agus go dúradh le UNIFIL imeacht as.

Dúirt UNIFIL, áfach: ‘Fanann coimeádaithe na síochána i ngach áit agus leanann bratach na NA ar foluain.

‘Tá ár ngníomhaíochtaí á gcoigeartú go rialta againn, agus tá pleananna teagmhasacha againn réidh le cur i bhfeidhm más riachtanach é.’

march5

Dúirt an tUachtarán go bhfuil Iosrael ‘ag éileamh go n-imeoidh UNIFIL ar fad atá ag feidhmiú faoi shainorduithe na Náisiún Aontaithe’.

‘Tá sé scanrúil gur bhagair Óglaigh an hIosrael ar an bhfórsa síochánaíochta seo agus go ndearna siad iarracht orthu a chur as na sráidbhailte atá á gcosaint acu,’ a dúirt sé.

‘Ní hamháin gur masla é seo ar an institiúid dhomhanda is tábhachtaí a bhfuil 193 ball tiomanta di, ach is masla é freisin do na saighdiúirí a chuaigh i mbaol ionas go mairfimid go léir faoi shíocháin, agus a dteaghlaigh.’

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin gur cás mór imní é nach bhfuil saighdiúirí UNIFIL na hÉireann in ann post a fhágáil sa Liobáin.

I mBaile Átha Cliath threoraigh an Ireland-Palestine Solidarity Campaign (IPSC) máirseáil ón nGairdín Cuimhneacháin chuig an Dáil.

march3

Thacaigh níos mó ná 160 grúpa sochaí sibhialta leis an mórshiúl.

Dúirt cathaoirleach an IPSC, Zoe Lawlor, go gcaithfidh deireadh a chur leis an bhforéigean sa Mheánoirthear agus, ‘leis an olltoghchán ag teacht. go gcaithfimid a chur in iúl do na polaiteoirí go dteastaíonn uainn smachtbhannaí ciallmhara a chur ar Iosrael’.

Mharaigh fórsaí Iosrael breis agus 41,000 duine i nGaza ó ionsaí Hamas ar Iosrael bliain ó shin ina bhfuair thart ar 1,500 bás.

Tá na mílte eile tar éis bás a fháil i nGaza de bharr galair agus ocras tar éis ionsaí a dhéanamh ar thithe, ar scoileanna agus ar ospidéil.

20241005 141550

Maraíodh na céadta eile le linn an deireadh seachtaine in ionsaithe Iosrael ar an Liobáin.

Mháirseáil sluaite ó ar fud Chorcaí i mbáisteach throm tríd an gcathair don 52ú seachtain as a chéile ó ionsaí Hamas ar 7 Deireadh Fómhair.

Thug an síceiteiripeoir (psychotherapist) Karen Garvin ‘an outrage of our time’ ar an ionsaí Iosraelach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram