Meas mór ar an nGaeilge ag gig Coldplay

29/08/2024

Bhí áthas an domhain ar lucht leanúna Coldplay agus na comharthaí digiteacha a fheiceáil i nGaeilge ag Croker

Tá Coldplay ag mealladh lucht leanúna nua in Éirinn trí mheas a léiriú don Ghaeilge – agus tar éis do Chris Martin tús a chur leis an gcóisir lá go luath i mBaile Átha Cliath.

Tá Coldplay ag seinm cheithre cheolchoirm i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo, don chéad uair anseo ó 2017, agus tá siad ag dul i bhfeidhm ar mhuintir na háite cheana féin.

Comhartha digiteach ag ceolchoirm Coldplay i bPáirc an Chrócaigh
Comhartha digiteach ag ceolchoirm Coldplay i bPáirc an Chrócaigh

Ar dtús, bhí áthas ar Ghaeilgeoirí, a bhí ag an gcéad cheolchoirm Coldplay den cheathrar i bPáirc an Chrócaigh, a fheiceáil go raibh na comharthaí digiteacha i nGaeilge agus i mBéarla.

Bheifí ag súil, sa lá atá inniu ann, go mbeadh an meas sin ar an nGaeilge in Éirinn de ghnáth, ach faraor tá a fhios againn nach mar sin atá an scéal.

Thosaigh na sceitimíní ar Coldplay i mBaile Átha Cliath oíche Chéadaoin nuair a shroich an t-amhránaí Chris Martin Sráid Grafton, cosnochta.

Bhailigh slua ollmhór i lár na cathrach nuair a thosaigh ráflaí ag dul timpeall go mbeadh Máirtín ar Shráid Grafton.

Chan sé an t-amhrán nua atá  ag Coldplay,  We Pray, agus bhí roinnt amhránaithe eile ann freisin – iad siúd atá ag canadh le Coldplay ar an amhrán.

Ba iad sin an t-amhránaí Nigéir (Nigeria) Burna Boy, amhránaí na hAirgintíne Tini, an t-amhránaí Palaistín-Sile (Palestinian-Chilean) Elyanna agus an rapper Sasanach Little Simz.

Bhí Martin i bhfoirm mhaith, ag comhrá leis an slua agus ag rá leo: ‘Ná bíodh cúthail (shy) ort agus bí ag canadh.’

Ansin nuair a bhailigh an slua ollmhór i bPáirc an Chrócaigh don chéad cheolchoirm le Coldplay, oíche Déardaoin, bhí siad á stiúradh ag comharthaí ollmhóra i nGaeilge agus i mBéarla.

Eolas bunúsach a bhí ann, mar shampla:

‘Le do thoil, tabhair ar ais do bhanda rosta ar an slí amach d’athchúrsáil (recycling).’

Chris Martin ar Shráid Grafton tráthnóna Dé Céadaoin
Chris Martin ar Shráid Grafton tráthnóna Dé Céadaoin

Ar ndóigh b’fhéidir go raibh baint éigin ag an CLG leis seo, ach caithfimid sochar an amhrais (benefit of the doubt) a thabhairt do Coldplay.

Tá Martin agus Coldplay i mBaile Átha Cliath le haghaidh cheithre cheolchoirm i bPáirc an Chrócaigh mar chuid dá gCamchuairt domhanda, Music of the Spheres.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram