

Agus coláistí ag oscailt sna seachtainí amach romhainn, beidh cíosanna níos airde fós le sárú ag tuismitheoirí agus mic léinn ná mar a bhí anuraidh.
D’ardaigh an meánchíos náisiúnta ceithre mhí dhéag as a chéile, go dtí beagnach €2,000 in aghaidh na míosa.
Léiríodh sa tuarascáil cíosa is déanaí ón suíomh gréasáin réadmhaoine, Daft.ie, gurb é an meánchíos ar fud na tíre anois ná €1,922 in aghaidh na míosa.

Sin méadú 7.3% i mbliain; agus 41% níos airde ná mar a bhí sé roimh phaindéim Covid.
Is é seo an 14ú mí as a chéile ar tháinig ardú ar chíosanna náisiúnta agus an 45ú huair le ceithre bliana anuas.
Tháinig ardú faoi 2%, ar an meán, ar chíosanna idir Aibreán agus Meitheamh, i gcomparáid leis na chéad trí mhí den bhliain.
I mBaile Átha Cliath, mhéadaigh cíosanna idir Aibreán agus Meitheamh faoi 3.5% go €2,427, agus i Luimneach tháinig ardú faoi 21.2% ar chíosanna, agus an meánchíos anois ag €2,107 ansin.
Cosnaíonn cíos i gcathair Chorcaí €2,005 ar an meán anois (méadú faoi 11.9%), cosnaíonn cathair na Gaillimhe €2,114 (méadú faoi 13.3%).
Tá cíosanna chathair Phort Láirge (Waterford) ag €1,616 (méadú faoi 9.9%), agus ardaíodh an chuid eile den tír faoi 9.9% go €1,573.
Ar an 1 Lúnasa, bhí beagán os cionn 2,200 teach ar fáil ar cíos ar fud na tíre, beagnach comhionann leis an dáta céanna anuraidh, agus leath an meán ó 2015 go 2019 de 4,400.
Dúirt Ronan Lyons, Ollamh Comhlach (Associate Professor) le hEacnamaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: ‘Idir lár 2022 agus lár 2023, tharla moilliú ar ardú cíosanna an mhargaidh oscailte.

‘Ba chúis leis sin go háirithe ná an líon suntasach tithe nua ar cíos a tógadh i gceantar Bhaile Átha Cliath.
‘Bhí sé seo teoranta do Bhaile Átha Cliath, áit a raibh soláthar nua comhchruinnithe.
‘Tugann an tuarascáil seo le fios, fiú amháin i mBaile Átha Cliath, gur beag feabhas atá tagtha ar infhaighteacht tithe ar cíos.
‘Gan soláthar cíosa nua, is dócha go mbeidh brú ar chíosanna sa todhchaí.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.