Is Banshee le guth €8 billiún í Kerry Condon, ‘deirfiúr’ Colin Farrell

23/07/2024

Ainmníodh Kerry Condon, as Tiobraid Árann, d’Oscar do na ‘Banshees’ … ach seolfar a scannán is mó go dtí seo go luath

Tá aithne againn ar Kerry Condon mar dheirfiúr Colin Farrell i ‘The Banshees of Inisherin’, ach ní raibh a fhios againn gur ghin a glór $8 billiún.

Is í Condon, as Tiobraid Árann, a raibh ról aici i ‘Better Call Saul’ freisin, a bheidh mar réalta in san scannán móréilimh (blockbuster) is mó sa bhliain seo chugainn le Brad Pitt.

Kerry Condon
Kerry Condon

Beidh Condon sa scéinséir aicsean (action thriller) ‘F1’, ar Apple TV, ach chomh maith leis sin, is í an t-aisteoir Éireannach í cheana féin a thug isteach an méid is mó airgid i scannáin riamh, mar gheall ar a ról i scannáin de chuid Marvel.

Bhí Condon ina réalta mar ghuth an chúntóra AI Iron Man F.R.I.D.A.Y. i gcúig scannán Marvel, a thug isteach níos mó ná $8 billiún (€7.3bn).

Tá $8.27 billiún tuillte ag a cuid scannán le chéile, dar leis an suíomh Gréasáin CSGOLuck.

Fágann sin go bhfuil Condon sa cheathrú háit ar thallann aisteoireachta na hÉireann, taobh thiar de Liam Neeson ($11.6 billiún), Michael Gambon ($8.55 billiún) agus Domhnall Gleeson ($8.38 billiún). Gambon agus Gleeson mar gheall ar Harry Potter.

D’inis Condon gur le déanaí a bhuail sí leis an réalta Ironman, Robert Downey Jnr, in ainneoin gurb í a ghuth AI an oiread sin uaireanta.

Nuair a bhuail sí leis, ‘bhí sé “surreal” agus greannmhar mar bhí mé ag rá: Seo mise! Bhí mé an guth sin an t-am ar fad!

‘Eispéireas craiceáilte a bhí ann domsa mar níor shíl mé riamh go mbeadh an oiread sin scannán ann.

‘Shíl mé nach raibh ann ach an gig amháin, agus an chéad rud eile, bhí mé á thabhairt ar ais arís agus arís eile.’

Dúirt sí freisin, cé gurb é a guth an rud deireanach a chloiseann Tony Stark (Downey Jnr) sa scannán, ní dúradh léi go cinnte go bhfuil sé marbh.

Kerry agus na Banshees
Kerry agus na Banshees

‘Ní fhaighim an script. Ní insíonn siad dom toisc go bhfuil sé chomh rúnda. Ar m’fhocal, chuirfeadh sé chun óil thú,’ a dúirt sí agus í ag gáire.

Ainmníodh Condon le haghaidh Oscar dá ról i ‘The Banshees of Inisherin’ ach léiríonn tréiléar  a scannáin nua, F1, go mbeidh sí lárnach i mbeartas an scannáin nua mórbhuiséid.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram