Tá siad anseo! Tá siorcanna bána móra (great white shark) in uiscí na hÉireann, a deir saineolaí Meiriceánach

14/07/2024

Deir saineolaí taighde Chris Fischer a d’aimsigh siorcanna (sharks) ar 46 turas, thar 17 mbliana, go bhfuil uiscí na hÉireann foirfe do na siorcanna dainséaracha seo mar gheall ar na rónta (seals) agus an teocht.

Tá na huiscí timpeall na hÉireann lán le rónta (seals) agus is dúiche seilge foirfe (pefect hunting ground) iad do na siorcanna móra bána i ndeireadh an tsamhraidh agus san fhómhar, dar le duine de na taiscéalaithe (explorers) siorcanna is fearr ar domhan.

Tá an Meiriceánach Chris Fischer ag eitilt go cathair chalafoirt Vigo sa Spáinn sna seachtainí atá romhainn chun dul ar bord a bháid, 126 troigh, ar thuras ag clibeáil siorcanna (shark tagging) a thabharfaidh go hÉirinn é.

Is in uiscí na Meánmhara (Mediterranean) atá an chéad chuid dá thuras agus beidh sé ag taisteal ansin go cósta Chorcaí.

Tá na huiscí timpeall na hÉireann lán le rónta (seals) agus is dúiche seilge foirfe (pefect hunting ground) iad do shiorcanna móra bána
Tá na huiscí timpeall na hÉireann lán le rónta (seals) agus is dúiche seilge foirfe (pefect hunting ground) iad do shiorcanna móra bána

‘Tá mé ag eitilt anonn chun bualadh leis an long sa Spáinn,’ arsa Fischer.

‘Síleann go leor nach bhfuil siorcanna bána suite in uiscí an Atlantaigh Thoir Thuaidh amach as Éirinn, an Fhrainc, agus an Spáinn, ach deir mórán iascairí a chonaic iad a mhalairt,’ a dúirt sé.

Chomh luath leis an mhí seo, roinn beirt iascaire as Gaillimh físeán de shiorc bán mór, dar leo, a bhí ag snámh thart ar a mbád.

Dúirt Fischer, a bhfuil a shaothar le feiceáil ar 60 Minutes ar CBS, The Late Show with Stephen Colbert agus National Geographic: ‘Maithimid go bhfuil an deis is fearr atá againn sa turas ar fad amach ó chósta na hÉireann.’

Dúirt sé go bhfuil go leor rónta anseo agus sin an fáth a bhfuil sé ag teacht.

Níos luaithe an mhí seo rinne beirt iascaire físeán ar a bhfuil siad cinnte go raibh siorc bán ag dul timpeall ar a mbád, amach ó chósta na Gaillimhe
Níos luaithe an mhí seo rinne beirt iascaire físeán ar a bhfuil siad cinnte go raibh siorc bán ag dul timpeall ar a mbád, amach ó chósta na Gaillimhe

‘Tá muid ag teacht ar an gcósta theas síos i gCorcaigh i mí Mheán Fómhair, agus ansin ag dul isteach i gceantar Chuan Bheanntraí (Bantry Bay).

‘Ansin táimid ag dul suas go dtí an cósta thiar agus go dtí an cósta thuaidh. Cuireadh tús leis an bpleanáil dhá bhliain ó shin.

‘Tá muid ag dul amach ar feadh coicíse sa Spáinn, coicís sa Fhrainc, trí seachtaine go leith in Éirinn, agus táimid ag súil le seans amháin ar iasc amháin.

‘Taispeánfaidh an t-iasc sin dúinn cá bhfuil an chuid eile acu ar fad.’

Dúirt sé nach bhfuil mórán sonraí ann faoi láithreacht siorcanna bána in Éirinn.

Ach creideann sé go bhfuil na coinníollacha anseo foirfe do shiorcanna.

Thug an tUasal Fischer faoi deara nach bhfuil teocht an uisce timpeall na hÉireann – a théann ó mheán 10°C amach ón gcósta thiar theas go 16°C – rófhuar do na siorcanna bána a mbíonn suas le 20 troigh ar fad.

‘Is breá leo an t-uisce céime 15°C, 16°C sin atá díreach amach ó chósta na hÉireann,’ dúirt sé.

Is breá leo an t-uisce céime 15°C, 16°C sin atá díreach amach ó chósta na hÉireann
Is breá leo an t-uisce céime 15°C, 16°C sin atá díreach amach ó chósta na hÉireann

Le 17 mbliana anuas, tá an tUasal Fischer tar éis eolas ar shiorcanna a bhailiú trí 46 thuras taighde aigéin ó Nova Scotia go Western Cape na hAfraice Theas agus an Bhrasaíl.

Tá a fhoireann tar éis na gcéadta siorcanna a chlibeáil agus a scaoileadh.

‘Chuaigh muid go dtí go leor áiteanna ina dúirt siad nach raibh siorcanna bána ann.

‘Nuair a chuamar isteach sa “New York/New Jersey Bight” chun an limistéar breithe a aimsiú, dúirt siad nach raibh aon siorcanna bána ann.

‘Chlibeálamar 20,’ a dúirt sé.

Rinneadh cur síos ar a cuid iarrachtaí taighde roimhe seo ar an tsraith Shark Wranglers ar an History Channel.

‘Nuair a chuamar go Ceanada, dúirt siad linn nach raibh siorcanna bána ann. Clibeálamar 34,’ a dúirt sé.

Tá a chuid teoiricí féin aige maidir le cén fáth nár tugadh faoi deara go hoifigiúil na créatúir ollmhóra anseo.

‘Bíonn siad i gcónaí ag iarraidh a bheith dofheicthe (invisible) ionas gur féidir leo a gcreach (prey) a luíochán (ambush).’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram