

D’fhág an t-aisteoir as Baile Átha Cliath Michael Gambon – a bhí i ról Dumbledore sna scannáin Harry Potter – a eastát €1.7 milliún ag a bhean chéile – ach ní raibh aon rud ar bith ag a leannán luí (mistress) fadtéarmach lena raibh beirt mhac sna déaga aige.
Roinn Gambon, a rugadh i mBaile Átha Cliath do lánúin den lucht oibre, a chuid ama idir Anne Gambon agus an dearthóir seiteanna (set designer) Philippa Hart, a bhí 25 bliain níos óige ná é, sular bhásaigh sé i Meán Fómhair in aois a 82 bliain.

Mar sin féin, léiríonn a uacht (will), atá díreach foilsithe, go bhfuil beagnach an fhortún iomlán tugtha do Mrs Gambon.
Gheobhaidh sí gach rud in éineacht le mac an lánúin, Fergus, atá 60 bliain anois. Rinneadh soláthar don fhortún £1,465,882 a thabharfaí do Fergus dá bhfaigheadh a mháthair bás roimh a fear céile.
Idir an dá linn, ní bhfaighidh Ms Hart, a chónaigh go hoscailte le Gambon i Londain, pingin san uacht, a dréachtaíodh agus a síníodh in 2016.
Ní bhfuair an bheirt mhac a bhí ag Gambon le Ms Hart – Tom, 17, agus William, 15 – ach £10,000 an duine agus trófaí, gradam airgid aisteoir stáitse ‘Variety Club of Great Britain’.
Ag labhairt di óna teach ardáin Victeoiriach, ceithre sheomra leapa, ar fiú £1.5milliún é, dúirt Ms Hart: ‘Ní bhaineann sé liom. I ndáiríre níl mé ag iarraidh labhairt faoi seo.’
Dúirt Fergus nach raibh sé ag iarraidh caint faoi, nuair a chuathas i dteagmháil leis féin agus a mháthair ag an áras (mansion), ar fiú £5 milliún é, i Kent.
Fuair Gambon bás i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite tar éis dó niúmóine (pneumonia) a fhulaingt. Rinne sé a chéad láithreas stáitse in Othello in Amharclann Gates, Baile Átha Cliath i 1962.
Bhí socrú baile neamhghnách aige. Phós sé a bhean Anne Miller i 1962, agus bhí a mac Fergus le feiceáil ar Antiques Roadshow mar shaineolaí criadóireachta (ceramics expert).
Ach bhí caidreamh blianta fada ag Gambon le Phillippa Hart a tháinig go poiblí in 2002.
Chónaigh Gambon sa teach le Ms Hart in iarthar Londain, roinn sé an teach lena bhean chéile i Kent freisin, agus bhí teach eile aige i Londain dó féin nuair a bhí sé ag obair.
Dúradh go raibh Mrs Gambon trína chéile nuair a fuair sí amach faoi chaidreamh taobh amuigh den phósadh a fir chéile, ach tháinig sí chun réitigh leis níos déanaí. Roinnfeadh Gambon a chuid ama idir Londain agus a dtír dhúchais.

Bhí gairmréim 60 bliain ag Gambon ar an stáitse agus ar an scáileán.
Bhí sé le feiceáil ar Top Gear. Chuir iar-óstach Top Gear Jeremy Clarkson post ar líne: ‘Tá mé chomh brónach a chloisteáil go bhfuil Michael Gambon básaithe.
‘Bhí sé an-ghreannmhar, agus ina aoi iontach, fiú d’ainmnigh muid cúinne ina dhiaidh.’
Bhuaigh Gambon ceithre Baftas teilifíse. Bhí sé i ról an bleachtaire Francach Jules Maigret sa tsraith teilifíse Maigret, agus réalta sa tsraith BBC, The Singing Detective.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.