


Tosaíonn Seachtain na Gaeilge – an tseachtain le 17 lá de Ghaeilge agus an craic – inniu, Dé hAoine, 1 Márta.
Agus tá sé á cheiliúradh againn in Extrag.ie le roinnt leideanna maidir le:
*cá bhfaighidh tú an craic;
*cad iad na naisc úsáideacha is fearr ar líne;
*agus cúpla rún le cur ina luí ar do chuid chairde – agus múinteoirí – go bhfuil do chuid Gaeilge níos fearr ná mar atá sí.
Ach baineann Seaaaachtain na Gaeilge le taitneamh a bhaint as an teanga. Níl a leithéid de rud is droch-Ghaeilge, ach tá a leithéid de rud is easpa Gaeilge.
Mar sin agus Éire ag iompú ina tír ilchultúrtha, ilteangach ina bhfuil meas ar gach difríocht, déanaimis deimhin de go bhfanann cultúr agus teanga na hÉireann mar chroílár di.

Agus má tá níos mó suime agat sna Sé Náisiún ná Séimhiú nó i Mo Salah ná Modh Coinníollach, léigh ar aghaidh. Seo cúpla focal a bheidh úsáideach:
A penalty kick / Cic éirice
A goalkeeper / cúl báire
A Full back / Lánchúlaí
A try / Úd
A scrum / Clibirt
A tackle / Greamú
Hooker / Húcálaí
Scrum-half / Leathchúlaí clibirte
Full back / Lánchúlaí

Ceann de na bealaí is fearr chun taitneamh a bhaint as an nGaeilge ná le pionta nó manglam (cocktail) ag Pop up Gaeltacht.
Tá siad ar fud an domhain ó Mhullach Íde (Malahide) go Melbourne agus is é an áit is fearr chun eolas a fháil ar cheann in aice leat ná le @popupgael a leanúint ar X nó ‘pop up Gaeltacht’ a chur sa Chuardach (Serach) ar X nó Instagram.
Agus seo cúpla focal le húsáid agus tú ag an Pop-up:
Pub / Teach tábhairne
Pint of beer / Pionta beorach
Shórt / Ceann beag
Shot / Steall
Cocktail / Manglam
Ice / Oighear
Champagne / Seaimpéin

Mar sin féin, tar éis na hoíche amach tagann an mhaidin ina dhiaidh sin agus leis sin an tinneas póite (hangover). Agus seo an chomhairle a gheobhaidh tú ansin:
Is é friochadh (fry-up) an t-aon leigheas (cure) ar thinneas póite (hangover).
Agus is é seo a bheidh tú ag iarraidh a ordú i do ‘Caff’ áitiúil:
Rashers / Slisíní bagúin
Sausages / Ispiní
Fried egg / Ubh Friochta
Black pudding / Putóg dubh
Tomato / tráta
Hash brown / Slamar donn
Mushrooms / Muisiriúin
Beans / Pónairí

Anois, leis an eolas ar na himeachtaí atá ar siúl timpeall na tíre agus thar lear, is í Peig.ie an áit is fearr le tosú, tá sí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus cuireann sí naisc chabhracha ar fáil d’eagraíochtaí agus do na meáin eile:
Tá go leor nasc ar líne agus ar d’fhón a chuirfidh feabhas ar do chuid Gaeilge le hIntleacht Shaorga (AI) nó a chuideoidh leat níos mó Gaeilge a fhoghlaim.
Is feidhmchlár (App) iontach é Swiftkey ar do ghuthán. Ceartaíonn sé do théacsanna i níos mó ná teanga amháin agus tú ag clóscríobh. Agus dá mhéad a sheolann tú téacs i nGaeilge leis, is amhlaidh is fearr a éiríonn sé. Is minic a mbíonn fadhb againn leis na focail a chríochnaíonn le -aigh nó -idh nó -í. Déanfaidh Swiftkey é sin duit. Is ó Microsoft é agus is féidir leat é a fháil i siopaí App.
Le leideanna ar conas fadhbanna a réiteach nó acmhainní úsáideacha a aimsiú ar líne, tá:
Cruinneog https://cruinneog.com/https://www.gaelgram.ie/ga/index.htmlhttps://www.gaelgram.ie/ga/index.html
Agus le Cruinneog gheobhaidh tú comhairle faoi litreoirí agus seiceálaithe gramadaí ar líne mar:
GaelGram https://www.gaelgram.ie/ga/index.html
Tá seiceálaí gramadaí eile ar líne nach bhfuil chomh tapa ach tá sé saor in aisce:
Gramadóir https://cadhan.com/gramadoir/foirm.html

Tá go leor, leor cúrsaí Gaeilge agus craobhacha áitiúla de Chonradh na Gaeilge. Chomh maith leis sin eagraíonn grúpaí Gaeilge áitiúla ranganna. Breathnaigh ar Pheig dóibh siúd. Ní dhéanfaidh mé ach seirbhís oideachais ar líne amháin a lua, as go leor, mar rinne mé cúpla cúrsa leis an gceann seo. Déanann siad cúrsaí ó thosaitheoirí go aistritheoirí:
Gaelchultúr https://cadhan.com/gramadoir/foirm.html
Cúrsaí reatha & cultúr ar líne
Le haghaidh scríbhneoireacht iontach agus aistí suimiúla, dóibh siúd atá líofa sa Ghaeilge tá:
Le tuairisciú laethúil ar chúrsaí reatha, ar chultúr agus ar spórt mar aon le míreanna tráchta agus ailt oideachasúla, léigh tuairisc.ie gach lá. Gheobhaidh tú ar a laghad alt suimiúil amháin i gcónaí. Tá colúnaí iontach acu freisin. Agus má tá tú ag streachailt le focal in alt, cliceáil ar an Foclóirí sa chúinne uachtarach ar chlé agus ansin is féidir leat cliceáil ar aon fhocal chun an t-aistriúchán a fháil:
Tuairisc.ie https://tuairisc.ie/
Le haghaidh an cheoil, na siamsaíochta agus na n-ealaíon is déanaí agus aistí suimiúla:
Agus suíomh idirlín nua Gaeilge eile is ea:
Éirebheo https://www.eirbheo.ie/
Cuireann RTÉ seirbhís nuachta ar líne ar fáil chomh maith, le roinnt nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta agus naisc le scéalta ón nGaeltacht:
Nuacht https://www.rte.ie/news/nuacht/
Agus ar ndóigh tá:
I gcás podchraoltaí, tá an-chuid ann.
Tá an-tóir ar Beo Ar Éigean ó RTÉ;
Tá Seachtain, an nuachtán seachtainiúil Gaeilge leis an Irish Independent, díreach tar éis podchraoladh seachtainiúil a sheoladh freisin dar teideal Seachtain;
Tá Splanc ag Newstalk, podchraoladh bríomhar spéisiúil atá ar siúl le tamall anuas;
Is é Blas na Cathrach mo chlár raidió seachtainiúil féin ar Raidió na Life agus é sin ar phodchraoladh.
Tá roinnt seónna maithe ag aip podchraoltaí Raidió Life.
Le haghaidh cluichí boird, cártaí imeartha agus leabhair Ghaeilge, chomh maith le heolas faoi imeachtaí agus ranganna ar fud na tíre, tá siopaí leabhar iontacha agus tá siad ar líne:

An Siopa Leabhar https://www.siopaleabhar.com/
Is é An Siopa Leabhar priomhshiopa Gaeilge. Tá gach eolas ar an suíomh faoin Ghaeilge agus tá sé lonnaithe i bhfoirgneamh stairiúil ag uimhir a 6 Sráid Fhearchair (Harcourt Street), Baile Átha Cliath. Bíonn an siopa ag freastal ar scoileanna, thurasóirí, fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa na Gaeilge sa phríomhchathair agus ar fud an domhain. Chomh maith le leabhair, tá cártaí, ceol, T-léinte, earraí lámhdhéanta Éireannacha agus tuilleadh ar fáil. Buail isteach!
An Siopa Gaeilge https://www.siopagaeilge.ie/
Ó bunaíodh Oideas Gael i 1984 tá na céadta duine ag tarraingt gach bliain ar a chuid cúrsaí Gaeilge agus a chláracha cultúrtha ann. Tá siad i nGaeltacht Thír Chonaill agus ar líne.
Siopa Údar https://www.glornangael.ie/listing/siopa-udar/
Is eagraíocht neamhbhrabúis é Siopa Údar a chruthaíonn táirgí Gaeilge chun cabhrú le daoine a saol a chaitheamh trí Ghaeilge sa bhaile, sa teaghlach, ag an obair nó in aon suíomh eile.
Tá táirgí acu freisin do scoileanna, do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí.
Nóta: Má tá tú páirteach in aon ghníomhaíocht Ghaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge déan teagmháil linn agus luafaimid é ar líne agus ar na meáin shóisialta.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.