

Tugadh ómós do Sinéad O’Connor agus do Shane MacGowan ar an stáitse ag na Gradaim Grammy – le moladh mothúchánach ó Annie Lennox.
Chríochnaigh Lennox a hamhrán freisin trí shos cogaidh a iarraidh in Gaza – ach bhí ionadh ar roinnt lucht leanúna nach raibh níos mó ealaíontóirí ag iarraidh síocháin in Gaza freisin.

Chan an t-amhránaí, atá 69 bliain d’aois, leagan cumhachtach den amhrán, Nothing Compares 2 U, ag an searmanas i Los Angeles.
Bhí Croí Ró-Naofa (sacred heart) ag Annie ar a muinchille (sleeve) agus bhí deoir óir (golden tear) péinteáilte faoina súile le linn an léirithe.
Agus Annie ag canadh bhí aghaidheanna (faces) na réalta a fuair bás le bliain anuas le feiceáil ar an scáileán taobh thiar di, ina measc Sinéad, a fuair bás i mí Iúil seo caite ag aois 56, agus Shane MacGowan, a fuair bás i mí na Samhna ag 65 bliain d’aois.
Tar éis di críochnú ag canadh, d’ardaigh Annie a dhorn san aer agus d’éiligh sí go gcuirfí deireadh leis an gcogadh i nGaza, ag rá: ‘Ealaíontóirí ar son sos cogaidh, síocháin ar domhan!’

Chuaigh úsáideoirí na meán sóisialta le X chun a dtuairimí a chur in iúl freisin, le duine amháin ag roinnt: ‘B’fhéidir gurbh é sin an bealach is fearr agus is macánta chun cuimhne ar Sinéad, Annie Lennox ag críochnú amhrán Shinéad O’Connor trí sos cogaidh a mholadh.’
Dúirt duine eile: ‘Meas d’Annie Lennox. Nach mór an trua gur thóg sé chomh fada isteach i séasúr na ngradam seo do dhuine cáiliúil é seo a rá.’
Níorbh é seo an t-aon dráma amháin ag an searmanas bronnta. Bhí Taylor Swift ar dhuine den iliomad ban a bhuaigh duaiseanna ach cáineadh í as gan aitheantas a thabhairt do Celine Dion, a bhronn Gradam Albam na Bliana uirthi.
Mar sin féin, bhí an t-amhránaí díreach gafa i láthair na huaire agus sheas an bheirt ina dhiaidh sin go sona sásta le chéile le haghaidh pictiúr.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.