Deir bean gur inis sí do ‘celebrity’ go raibh sí 16, roimh ‘sexual activity’

Bhí an bhean 16 bliana d’aois ag an am agus bhí an ceathrú bliain críochnaithe aici ar scoil, agus bhí an fear 27, a dúradh sa chúirt

Tá sé ráite ag bean le triail duine cáiliúil  (celebrity) Éireannach gur inis sí dó go raibh sí 16 bliana d’aois sula ndeachaigh siad i mbun gníomhaíocht ghnéasach (sexual activity) ar bith.

Phléadáil an fear, atá 40 bliain d’aois, nach féidir a ainmniú ar chúiseanna dlí, neamhchiontach i dtrí chúis a bhain le gníomhartha gnéis le leanbh faoi bhun 17 mbliana d’aois i mBaile Átha Cliath, ar dhátaí idir Lúnasa agus Nollaig 2010.

Ar an gcéad lá dá triail sa Chúirt Choiriúil Chuarda (Dublin Circuit Criminal Court) i mBaile Átha Cliath Dé Máirt, dúirt an bhean le hEilis Brennan SC, agus í ag ionchúiseamh (prosecuting), go raibh sí 16 bliana d’aois agus ar saoire an tsamhraidh i mí Iúil 2010 nuair a chuaigh sí chuig an bhféile cheoil Oxegen le cara.

Dúirt sí gur bhuail sí leis an bhfear ar oíche deiridh na féile.

Labhair siad le chéile, ach bhí an fhuaim an-ard. Thug sí a uimhir theileafóin dó tar éis do gharda slándála a ghuthán a thabhairt di. Bhuaileadar arís ansin agus phóg sé í ar feadh nóiméid nó dhó.

Dúirt sí go ndearna siad teachtaireacht agus comhrá ar an nguthán sna seachtainí dár gcionn, lena n-áirítear fad a bhí sí sa Ghaeltacht.

Dúirt sí gur inis sí don fhear ar dtús go raibh sí 18 mbliana d’aois, ach ba léir le linn a gcuid comhráite nárbh é sin a haois.

Dúirt sí gur sheol an fear teachtaireacht téacs chuici ag rá ‘sweet 16’ le comhartha ceiste. Dúirt sí gur inis sí dó ansin go raibh sí 16 bliana d’aois, rud a bhí ‘mortifying’.

‘Dúirt sé liom go raibh a aois 27 agus go raibh mé ró-óg dó. Shíl mé go bhfuil sé thart,’ a dúirt sí.

Dúirt sí gur sheol sé teachtaireacht chuici lá nó dhó ina dhiaidh sin ag fiafraí an bhféadfadh sí rún a choinneáil (keep a secret). D’aontaigh sí agus lean siad orthu ag caint.

Dúirt sí gur shocraigh sé teacht le chéile go déanach i mí Lúnasa agus go ndeachaigh siad ar shiúlóid agus gur shiúil siad chuig a ionad oibre, áit ar phóg sé í agus ansin ‘bhrúigh sé síos go réidh mé chun gnéas béil a dhéanamh, rud a rinne mé’.

D’aontaigh an bhean gur fhan siad i dteagmháil ina dhiaidh sin. Dúirt sí go gcuirfeadh an fear glaoch uirthi go déanach san oíche agus go labhróidís faoi na gníomhartha gnéis.

Dúirt sí gur bhuail siad le chéile arís ina bhaile roimh Nollaig 2010, agus gur phóg siad agus go raibh siad i mbun gníomhartha gnéis.

  Dúirt sí go raibh sí ag dul chuig ceolchoirm Deadmaus ar an 14 Nollaig 2010 le cairde agus bhuail sí leis an bhfear roimh ré mar go bhfuair sé ticéad di. Dúirt sí go ndeachaigh siad go dtí a theach, áit ar ghlac siad le chéile i ngníomhartha gnéis.

Court 1 960x560 1
focus on hammer, group of files on judge table covered with dust – concept of pending old cases or work at judicial court.

Agus í á ceistiú ag Morgan Shelley BL, ag cosaint, ghlac sí leis gur inis sí bréag faoina haois ag an tús ach dúirt gur labhair siad faoina haois roimh a gcéad chruinniú ag deireadh mhí Lúnasa.

Dhiúltaigh sí don mholadh go raibh seans ann gur tharla an chéad eachtra líomhnaithe sula ndúirt sí leis an bhfear go raibh sí 16 bliana d’aois.

Leanann an triail ar aghaidh os comhair an Bhreithimh Pauline Codd agus an ghiúiré.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram