Stádas Buí: Rabhadh faoi bháisteach throm ó Met Éireann 

13/09/2023

Bí cúramach ag tiomáint: Beidh an drochaimsir i naoi gcontae, Cúige Mumhan agus Baile Átha Cliath ina measc, a dúirt Met Éireann 

Tá rabhadh báistí Stádas Buí eisithe ag Met Éireann do 13 chontae ó thráthnóna Déardaoin. 

D’fhéadfadh go mbeadh gach contae i gCúige Mumhan chomh maith le Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Uíbh Fhailí agus Cill Mhantáin (Dublin, Carlow, Kildare, Kilkenny, Laois, Offaly and Wicklow) i mbaol tuilte (flooding) mar gheall ar bháisteach leanúnach. 

D’fhéadfadh go n-éiróidh an bháisteach trom agus go mbeidh droch-infheictheacht (poor visibility) agus coinníollacha taistil deacra (difficult travelling conditions). 

Stádas Buí a deir Met Éireann
Stádas Buí a deir Met Éireann

Tá an rabhadh aimsire i bhfeidhm ó 6pm Déardaoin agus mairfidh sé go dtí 6pm Dé hAoine. 

D’fhan an aimsir tirim i bhformhór na gceantar ar fud na tíre oíche Dé Céadaoin ach bhí an drochaimsir ag tosú ag forbairt ó mhaidin Déardaoin, agus bhíothas ag súil le báisteach sa deisceart san iarnóin. 

Scaipfidh ceathanna ó thuaidh tríd an tráthnóna agus d’fhéadfadh go n-éireoidh siad trom uaireanta. 

Weather Rain 2

Is féidir a bheith ag súil le tuilte láithreacha (spot flooding), go háirithe i gcodanna de Chúige Mumhan agus Laighean. 

Idir 15 agus 18 céim Celsius a bheidh an teocht is airde, agus dúirt Met Éireann go bhfuil cúpla lá gan socrú don tír. 

Níl sé cinnte fós cén chaoi a mbeidh an aimsir ag an deireadh seachtaine, cé go bhfuil an chuma ar an scéal go n-imeoidh chuid den bháisteach ar oíche Dé hAoine. 

Tá sé ráite ag Met Éireann go mbeidh aon bháisteach a mbeidh fós ann ag dul i léig maidin Dé Sathairn. 

‘I rith an tráthnóna beidh meascán de tréimhsí grianmhara agus ceathanna, is minicí san oirthear,’ a dúirt Met Éireann. 

weather raain kid

Ach dúirt siad freisin: ‘Is dócha go mbeidh an Domhnach scamallach agus fliuch le báisteach throm ag bogadh suas ón deisceart.’ 


Faigh scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram