

Tairgeadh drugaí do na turasóirí óga Sasanacha a gortaíodh i mBaile Átha Cliath ar Dé hAoine – agus ansin rinneadh ionsaí orthu, a dúirt duine acu.
Tá buachaill sna déaga gafa ag na gardaí maidir leis an t-ionsaí ar na turasóirí i mBarra an Teampaill (Temple Bar) agus tá sé dlite i gcúirt na leanaí ar Dé Luain.

Tugadh na fir, gach duine in aois a 20í, go dtí Ospidéal San Séamas tar éis an ionsaí ag thart ar 10.05pm.
Tá siad ina mbaill de chlub sacair amaitéarach, St John’s Sports as Aylesbury i Sasana, de réir tuairisc ar RTÉ News.
Le sin bhí siad tar éis taisteal go Baile Átha Cliath chun cluiche cairdiúil a imirt in aghaidh foireann ó St Kevin’s FC i Whitehall.
Dúirt duine acu le thejournal.ie go ndeachaigh sé i dteagmháil le hoifig an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee ar Dé Sathairn.
Tá an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee faoi bhrú cheana féin chun déileáil le hionsaithe ar dhaoine i mBaile Átha Cliath.

Dúirt sé freisin go raibh na turasóirí ag siúl taobh thiar d’iarfhoirgneamh an Bhainc Ceannais (Central Bank) nuair a tháinig siad go cúinne.
‘Bhí fear ina shuí ar chathaoir agus nuair a bhí muid gar dó d’fhiafraigh sé an raibh muid ag iarraidh drugaí – dúirt mé nach raibh agus leanamar ag siúl.
‘Go tobann tháinig “guys” aníos ón taobh thiar agus d’ionsaigh siad muid – ionsaíodh an ceathrar againn.
‘Bhuail siad sa chloigeann mé, go crua. Thit mé go talamh ach tháinig mé i dtír ar bhealach a raibh mé in ann éirí agus rith amach agus rith mé chomh tapa agus a thiocfadh liom síos an tsráid agus isteach i siopa uachtar reoite.
‘Shuigh mé ansin agus tháinig na póilíní – bhí bleachtaire ann a chabhraigh liom agus bhí sé go hiontach, níl mé in ann a dhóthain ard a thabhairt dó,’ a dúirt sé le thejournal.ie.

Tugadh go hOspidéal San Séamas ansin é le haghaidh cóireála le gortú súl. Bhuail sé leis na híospartaigh eile ansin, a tháinig in otharcharr freisin.
Dúirt sé gur tógadh a ghuthán agus a sparán ar a laghad ó dhuine amháin den ghrúpa. Tuigtear gur fhulaing beirt fhear srón briste.
Cuireadh deireadh leis an gcluiche a bhí le himirt ag an bhfoireann Dé Sathairn agus dúirt Neil Fox, urlabhraí do chlub St Kevin’s, le Nuacht RTÉ go raibh an t-ionsaí ‘náireach ar fad’.
Dúirt sé go raibh foireann St John’s Sports mar aíonna acu freisin i mbeár áitiúil ina dhiaidh sin ‘chun dea-mhachnamh’ a léiriú ar Bhaile Átha Cliath agus chun a thaispeáint gur mionlach beag daoine is cúis le hiompar frithshóisialta dá leithéid.
Dúirt Comhairleoir Fhine Gael Ray McAdam gur cheart go mbeadh Aonad Ord Poiblí an Gharda Síochána ar shráideanna na lárchathrach gach oíche, go háirithe timpeall Shráid Uí Chonaill agus Bharra an Teampaill, de réir tuairisc san Irish Independent.
‘Athdhearbhaíonn an eachtra seo i mBarra an Teampaill dom go bhfuil gá leis an Aonad Ord Poiblí a bheith i bhfeidhm ó 6pm ar a laghad gach tráthnóna ó Shráid Uí Chonaill go Barra an Teampaill,’ dúirt sé.
D’aontaigh Comhairleoir Bhaile Átha Cliath, Danny Byrne leis sin.
Dúirt sé go raibh gá le Gardaí a fheiceáil níos mó i láithreacha móra turasóireachta.
D’iarr sé freisin go gcuirfí smachtbhannaí níos déine orthu siúd atá i mbun ionsaithe foréigneacha.
Dúirt na Gardaí: ‘Fuair Gardaí tuairisc ar eachtra ionsaithe a tharla thart ar 10:05pm aréir ar Shráid Fownes Uachtarach, Baile Átha Cliath 2.
‘Tugadh triúr fear, ina 20idí, go hOspidéal San Séamas le cóireáil a fháil ar ghortuithe a bhain leis an eachtra seo.
‘Ní dhearnadh aon ghabhálacha. Tá imscrúduithe ar siúl,’ a dúirt urlabhraí.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.
