Rinne Lizzo ‘sexual harassment’ agus ‘weight shaming’, de réir líomhaintí i gcúirt ag iar-rinceoirí

03/08/2023

Líomhain triúr iar-rinceoir i gcás cúirte gur chruthaigh Lizzo áit oibre naimhdeach agus gur chuir sé brú ar fhoireann ag cóisirí

Dúirt triúr damhsóirí camchuairte a bhí ag obair le Lizzo go rinne an t-amhránaí ciapadh gnéasach (sexual harassment) agus gur chruthaigh sí timpeallacht oibre naimhdeach.

Tá roinnt teagmhais líomhnaithe liostaithe acu a deir siad gur tharla idir 2021 agus i mbliana lena n-áirítear náiriú meáchain (weight shaming).

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW
Lizzo agus roinnt rinceoirí
Lizzo agus roinnt rinceoirí

Líomhain na rinceoirí freisin gur cháin Lizzo ardú meáchain damhsóra amháin. Déánann an t-amhránaí  abhcóideacht le haghaidh dearfacht coirp agus féin-ghrá.

De réir na líomhaintí, i Los Angeles, chuir Lizzo brú ar dhamhsóir amháin teagmháil a dhéanamh le taibheoir (performer) ‘nude’ ag club in Amstardam.

Líomhnaítear freisin gur chuir sí éisteacht ‘excruciating’ ar feadh 12 uair an chloig ar roinnt damhsóirí tar éis líomhaintí bréagacha a dhéanamh gur ól siad agus iad ag obair.

lizzo 4

Ina theannta sin, líomhnaíonn siad gur bhrúigh captaen damhsa Lizzo, Shirlene Quigley, a creideamh Críostaí ar thaibheoirí eile.

Líomhnaítear freisin gur shéan Quigley iad siúd a raibh gnéas réamhphósta acu, agus í ag ionsamhladh (simulating) gnéas béil, ag roinnt ‘fantasies’ gnéasacha agus ag plé maighdeanas taibheora amháin.

Ní deir na líomhaintí an raibh a fhios ag Lizzo faoi iompar líomhnaithe Quigley, ach creideann an triúr atá ag glacadh an cháis – na damhsóirí Arianna Davis, Crystal Williams agus Noelle Rodriguez – go raibh eolas aici faoi na gearáin i gcoinne Quigley, a dúirt a ndlíodóir, Ron Zambrano.

lizzo

Ainmníonn an cás Lizzo, a bhfuil a hainm dlíthiúil Melissa Viviane Jefferson, a comhlacht léiriúcháin, Big Grrrl Big Touring, Inc agus Quigley mar chosantóirí.

I measc na n-éileamh tá ciapadh gnéasach, cruthú timpeallachta oibre naimhdeach, príosúnacht bhréagach agus cur isteach ar bhuntáiste ionchasach (prospective) eacnamaíoch.

Níor tugadh gach éileamh i gcoinne gach cosantóra.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram