

Tá saothair ó na healaíontóirí is cáiliúla in Éirinn – ó Yeats agus Henry go Knuttle agus Ballagh – ar díol ar líne inniu … agus b’fhéidir go mbeifeá in ann ceann acu a cheannach.
Tá tairiscintí (bidding) ar siúl cheana féin ag teach ceantála (auction house) i mBaile Átha Cliath, Whyte’s.
Tá saothar le roinnt ealaíontóirí mór le rá ann, ina measc Paul Henry, Jack B Yeats, Norah McGuinness agus Graham Knuttel.
Tá saothair le Robert Ballagh, Markey Robinson, Pauline Bewick agus go leor eile sa cheant ar líne freisin, a chríochnaíonn anocht (Dé Luain) ag 6pm.

Tá ceithre shaothar le Graham Knuttel, a fuair bás níos luaithe i mbliana, ar díol ann.
Tá praghsanna measta suas le €1,500 ar Still Life With Jugs agus Nude.
Áirítear le saothar Robert Ballagh prionta, Raft Of The Medusa, ar luach suas le €1,200, chomh maith le Teastas Scannán Éireannach frámaithe (framed Irish Film Certificate), sínithe aige.
Baineadh úsáid as ceann de phriontaí Paul Henry mar fhógra póstaer don London Midland & Scottish Railway.
Péinteáladh Paul Henry’s Ireland This Year i 1925 agus chuaigh sé ar aghaidh le bheith ar cheann de na póstaeir iarnróid is mó díol i 1932, le 671 cóip de déanta do dhaoine in Éirinn agus sa Bhreatain agus 50 cóip sa Stáit Aontaithe.
Tá praghas suas le €300 ar an prionta.

Ar cheann de na nithe is daoire sa cheant tá Mayo le Norah McGuinness – meastar gur fiú suas le €3,500 é.
Dúirt na ceantálaithe (auctioneers) gur thug an t-ealaíontóir é do theaghlach an úinéara reatha (current owner’s family) thart ar 1960.
Chomh maith le saothar le Jack Butler Yeats, tá cúig litir lámhscríofa agus chlóscríofa ón ealaíontóir á ndíol ag Whyte’s, lena n-áirítear admháil (receipt) agus litir buíochais (letter of thanks) uaidh tar éis don phictiúr a bheith díolta, agus litir chomhbhróin (letter of condolence).
Tá luach suas le €700 ar bhailiú na litreacha.
Tá siad ar fad ar www.whytes.ie
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.