‘Everybody knew her name’: Tá Kirstie Alley, a bhí Rebecca i Cheers, tar éis bháis

Tá Kirstie Alley, an t-aisteoir a bhí taobh thiar den chráitéir uaillmhianach, agus uaireanta neamhthrócaireach, Rebecca Howe sa tsraith teilifíse Cheers tar éis bháis. Bhí sí 71.

Scríobh John Travolta, a d’oibrigh le Alley i 1989 ar Look Who’s Talking, chomh maith le dhá ‘sequels’, ar Instagram:  ‘Bhí Kirstie ar cheann de na caidrimh is speisialta a bhí agam riamh. Is breá liom tú Kirstie. Tá a fhios agam go bhfeicfimid a chéile arís.’

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Chuir sí áthas ar na milliúin lucht féachana, ar fud an domhain, agus bhuaigh sí Gradam Emmy agus Golden Globe, mar Rebecca sa seó a bhí ar siúl ar feadh 11 séasúr sna 1980í agus 1990idí.

John Travolta feat 768x448 1
John Travolta

Ní raibh mórán aithne uirthi roimh an tsraith, ach tar éis tamaill bhí a hainm ar eolas ag gach duine.

Tháinig sí in ionad Shelley Long sa tsraith i 1987, nuair a bhí an-tóir ar, agus d’fhan sí tríd an séasúr deiridh.

Ailse ba chúis lena bás, de réir ráitis óna teaghlach ar Twitter.

Nuair a ghlac sí an ról, tar éis Long, bean a bhí an lucht leanúna i ngrá léi, thóg sé tamall ar dhaoine glacadh léi.

Uaireanta, bhí an chuma ar an scéal go raibh Rebecca, a bhí i gceannas ar an mbarra sa seó, ina praiseach gan trua. Ach d’athraigh a carachtar de réir a chéile ó bheith ina bainisteoir ar son ceannairí corparáideach go ball den ‘gang’.

De réir ráiteas oifigiúil ar na meáin shóisialta bhí sí mar ‘máthair dochreidte, fíochmhar agus grámhar.

‘Chomh íocónach agus a bhí sí ar an scáileán, bhí sí ina máthair agus ina seanmháthair níos iontaí fós.

“Bhí sceitimíní agus paisean ag ár máthar don saol, a leanaí, a garpháistí agus a cuid ainmhithe iomadúla, gan trácht ar an áthas a bhí aici sa chruthú. Bhí sí gan sárú agus d’fhág sí muid spreagtha chun an saol a chaitheamh ar an iomlán mar a rinne sí,” a dúirt an ráiteas.

 Bhí na baill dá teaghlach is gaire di léi nuair a fuair sí bás.

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram