

B’fhéidir nach raibh a fhios ag go leor daoine faoi Ciara Ní É go dtí gur bhog a carachtar Béibhinn go Ros na Rún cúpla mí ó shin.
Ach thosaigh gairm Ciara roinnt blianta roimhe sin.
Bhunaigh Ciara REIC, ócáid fhilíochta míosúil ó bhéal i 2015, chun spás ilteangach a thabhairt do dhaoine a bhfuil an-ghrá acu don fhilíocht.
Léiríodh a céad scannán gearr duaiseach, Claonadh, den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe in 2025. Tá sí i mbun an dara scannán gearr agus a céad bhailiúchán filíochta a fhorbairt faoi láthair.
Tá cáil ar Ciara as saothar eile sna meáin freisin, lena n-áirítear a podchraoladh What The Focal?

Cuireadh a cuid oibre in aithne dom den chéad uair ag tús 2024. Dúirt mo chara liom go raibh sé tar éis dráma iontach a fheiscint, agus go raibh orm dul agus féachaint air.
Mar sin, dheineas cinneadh taistil ó Chathair Luimnigh chomh fada go Baile Munna, Tuaisceart Bhaile Átha Cliath, le Grindr, Saghdar, agus Cher a fheiscint.
Ba fiú an turas é – ní hamháin toisc go raibh sé spleodrach. Chonaiceas an t-áthas a bhí timpeall na hamharclainne i rith na hoíche.
Bhailigh an pobal aiteach agus Gaelach le chéile le tacaíocht a thabhairt dá gcairde, aisteoirí agus scríbhneoirí an dráma Eoin McEvoy, Sam Ó Fearraigh, agus Ciara Ní É.
Thuigeas nach raibh siad ag iarraidh drámaí a dhéanann ionadaíocht a chur os comhair lucht féachana mar ghrúpa bheag.
Bhíodar ag iarraidh é sin a dhéanamh i gcaoi a raibh oscailte de gach saghas duine. Bhunaigh Eoin agus Ciara Aerach Aiteach Gaelach i Mí Feabhra 2020.
Thuigeadar go raibh go leor ealaíontóirí aiteacha le Gaelainn timpeall Bhaile Átha Cliath, ach nach raibh spás acu a gcuid ealaín a chruthú.
‘Bhí mise agus Eoin tar éis roinnt comhráite a bheith againn. Tá an chuid ealaíontóirí ann le Gaeilge atá aiteach agus bhíomar ag iarraidh iad a nascadh le chéile,’ a dúirt Ciara liom.
‘Thosaíomar leis an bprionsabal díreach daoine a nascadh le chéile le healaín a chruthú. Tá sé tar éis fás as cuimse ó shin.
‘Bíonn ceardlanna agus imeachtaí ar siúl. Bímid ag nasc ealaíontóirí lena chéile le hobair ar tograí difriúla. Tá mé an-bhródúil as an méid atá á dhéanamh ag Aerach Aiteach Gaelach.’
Bhí Ciara an-sásta caint faoin Fhéile Aerach Aiteach Gaelach, a mbeidh ar siúl i mBaile Átha Cliath i rith na deireadh seachtaine.
‘Beidh neart imeachtaí ag tarlúint thar dheireadh seachtaine amháin anseo i mBaile Átha Cliath ag an bhféile The Five Lamps Arts Festival.
‘Beidh ceardlann fhilíochta liomsa maidin Dé Sathairn ar feadh dhá uair a chloig.
‘Beimid ag smaoineamh, beimid ag scríobh, agus beimid ag tabhairt aiseolas dá chéile agus ansin beidh ceardlann ar an scéalaíocht traidisiúnta ann.’
Bhí sceitimíní ar an réalta de chuid Ros na Rún labhairt liom faoin chluiche “snatch”, a mbeidh á imirt acu oíche Dé Sathairn.

‘Is cluiche an-spraíúil é go mbíonn daoine gléasta suas mar dhaoine cáiliúla agus ag freagairt ceiste ar an spota saghas tumadóireacht agus aisteoireacht agus greann agus beidh sin ar siúl Dé Sathairn idir a hocht a chlog agus a deich a chlog san oíche.
‘Agus ar an Domhnach, beidh ceardlann amhránaíochta againn le Séamus ó Flatharta, agus ansin beidh ceardlann scríbhneoireacht amhrán againn le Sexy Tadhg.
‘Beidh saghas malartú damhsa againn idir damhsa na hÉireann, damhsa seit a bhíonn ar siúl ag Aerach Aiteach Gaelach uair sa mhí agus damhsa ón mBrasaíl freisin.’
Sular chuireamar críoch lenár gcomhrá, bhí orm ceist a chur ar Ciara faoi Béibhinn (a carachtar i Ros na Rún), agus Vanessa atá ag streachailt le teacht i ngleic lena gnéasacht agus an ghrá atá aici do Bhéibhinn.
‘Éiríonn siad an-ghar dá chéile agus ansin, pógann Béibhinn Vanessa lá amháin, agus níl Vanessa – níl sí réidh glacadh leis. Níl a fhios agam go mbeidh sí réidh riamh.’ A dúirt sí.
Is féidir liosta imeachtaí Féile Aerach Aiteach Gaelach a léamh anseo: https://www.aerachaiteachgaelach.net/nuacht/fivelamps2026
Mát á suim agat freastal ar an gcéad REIC eile, is féidir ticéad a cheannach anseo: https://www.eventbrite.ie/e/reic-spoken-word-tickets-1983568073504.
Is féidir féachaint ar Ros na Rún gach Máirt agus Déardaoin ag 8.30pm ar TG4 agus Seinnteoir TG4.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.