

D’fhógair TG4 go bhfuil siad le clár siamsúil, uathúil a scannánú i nDún na nGall i rith an tsamhraidh, agus tá siad ag lorg daoine atá ag iarraidh páirt a ghlacadh. Agus má chreideann tú gur féidir leat óstán a bhainistiú san iarthuaiscert, tá tú san áit cheart.
Sa tsraith úrnua shuntasach An Brú Criú do chuid TG4, táthar ag cur foireann le chéile chun dul i mbun láthair ghnóthach lóistín a bhainistiú i nDún na nGall ar feadh coicíse a bheidh lán d’aicsean an samhradh seo.

An óstach fiontrach, sóisialta tú? An oibríonn tú i dtionscal an fháilteachais? An mac léinn fáilteachais tú? An mbíonn tú ag brionglóideach faoi athrú gairme i dtreo an fháilteachais? Más ea, ba bhreá le TG4 labhairt leat.
Is dúshlán ar leith é seo. Deichniúr a roghnófar chun tréimhse a chaitheamh i bhfeighil lóistín lán-fheidhmeach i mí na Bealtaine. An mbeidh tú ar dhuine acu?

Beidh tú ag déanamh gach aon rud – ag tabhairt aire d’aíonna, ag cócaireacht, ag réiteach deochanna, agus ag eagrú imeachtaí.
Ag deireadh an dá sheachtain, bronnfar teideal Fostaí na Sraithe ar dhuine den fhoireann. Malartóidh an duine seo éide na foirne le haghaidh éadaí samhraidh chun dul ar saoire fíor-sómasach dá gcuid féin.
Tá TG4 ag glacadh le hiarratais anois, tapaigh an deis. Teigh chuig www.tg4.ie/anbrucriu le hiarratas a dhéanamh.
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná Dé Luain, 13 Aibreán, ag 12pm
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.