

Is féidir le Mo Chara a thicéad go Cúba a chur in áirithe! Ní bheidh an rapálaí Kneecap, arb é Liam Óg Ó hAnnaidh a ainm, os comhair trialach nua sa Bhreatain.
Dhiúltaigh breithiúna san Ard-Chúirt i Londain d’achomharc ón tSeirbhís Ionchúisimh Corónach chun cúisimh nua sceimhlitheoireachta a chur ina leith maidir le líomhaintí gur chroith sé bratach Hezbollah.
Cúisíodh é as an mbratach a thaispeáint ag ceolchoirm ag an O2 Foram i Kentish Town, i dtuaisceart Londan, ar an 21 Samhain 2024. Agus faoi dhlí na Breataine meastar gur sceimhlitheoireacht í sin.

Chaith an príomh-ghiúistís Paul Goldspring an cás i gcoinne Mo Chara amach i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite.
Ach ní raibh Seirbhís Ionchúisimh na Corónach sa Bhreatain sásta leis an gcinneadh sin agus rinne siad achomharc i gcoinne an chinnidh san Ard-Chúirt ag éisteacht i mí Eanáir.
I mbreithiúnas inniu, dhaingnigh (upheld) beirt bhreithiúna san Ard-Chúirt an cinneadh agus dhíbhe (dismissed) siad an t-achomharc i gcoinne Mo Chara.
Bhí an Breitheamh Goldspring tar éis aontú le dlíodóirí Mo Chara go raibh ar ionchúisitheoirí cead an Ard-Aighne a lorg chun an rapálaí a chúiseamh sula gcuirfidís in iúl dó, ar an 21 Bealtaine, go gcúiseofar é i gcion sceimhlitheoireachta.
Lorgaíodh an cead seo agus tugadh é an lá dár gcionn, rud a chiallaigh gur thit an cúiseamh lasmuigh den tréimhse sé mhí ina bhféadfar cúisimh choiriúla a thabhairt i gcoinne cosantóra.
Dúirt an Tiarna Breitheamh Edis, a bhí ina shuí leis an mBreitheamh Linden, sa chinneadh Dé Céadaoin go raibh an breitheamh ceart a chinneadh nach raibh dlínse aige sa chás i gcoinne Mo Chara.
Idir an dá linn, d’fhógair Mo Chara agus an chuid eile de Kneecap go mbeidh siad ag dul isteach sa chomhthionól Nuestra América an tseachtain seo chugainn chun cúnamh a sholáthar do Chúba.
Chuir siad postáil ar Instagram, le emojis de bhratach Chúba agus na hÉireann, go mbeidh siad ag dul isteach sa chomhthionól a sheachadann cúnamh ríthábhachtach do mhuintir Chúba, atá ag fulaingt toisc gur chuir Donald Trump iallach ar thíortha gan trádáil a dhéanamh leo.

Chríochnaigh Kneecap a bpost le teachtarach ó Ernesto Guevara Lynch ag caint faoina mhac, an réabhlóidí Cúbach Che Guevara: ‘I féitheacha mo mhic bhí fuil na reibiliúnach Éireannach ag sreabhadh (In my son’s veins flowed the blood of Irish rebels).’
I mí Eanáir, chuir ordú feidhmiúcháin ón Uachtarán Trump taraifí ar aon tír a sholáthraíonn ola do Chúba.
Dúirt saineolaithe de chuid na Náisiún Aontaithe gur ‘sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta agus bagairt thromchúiseach ar ord idirnáisiúnta daonlathach agus cothrom’ atá san ordú feidhmiúcháin, agus thug siad rabhadh go bhféadfadh ‘géarchéim dhaonnúil’ a bheith mar thoradh ar sholáthar breosla Chúba a ghearradh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.