

Tá tacaíocht tugtha ag feachtasóir sábháilteachta bóithre do mholtaí maidir le hanáileadán (breathalysers) i ngluaisteáin gach tiománaí a leanann de bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil.
Mharaigh tiománaí buille is teitheadh (hit-and-run) iníon Leo Lieghio agus tá sé ag iarraidh daoine eile a shábháil ón bhfulaingt chéanna.
Bhí sé ag freagairt glaonna ó phríomhfheidhmeannach An Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre (Medical Bureau of Road Safety), an tOllamh Denis Cusack, a dúirt gur cheart go gcuirfí na gléasanna i ngluaisteáin na ndaoine a gabhadh ag tiomáint faoi thionchar an óil.

Bheadh ar thiománaithe sampla anála diúltach a shéideadh sula dtosóidh an t-inneall; agus is féidir iad a fheistiú i ngach gluaisteán a dhéantar san AE tar éis 2022.
Maraíodh iníon an Uasail Lieghio, Marsia, agus í ag trasnú bóthair i mBaile Átha Cliath in 2005, ag andúileach hearóine Ciara McAlinden. Chuir sé síos ar an smaoineamh mar ‘rud soiléir’.
Theith an tiománaí McAlinden ón láthair ach bhí sé ciontaithe roimhe sin i dtiomáint faoi thionchar an óil.
Dúirt an tUasal Lieghio, leas-uachtarán Chumann Íospartach Bóithre na hÉireann (Irish Road Victims Association): ‘Úsáidtear an teicneolaíocht sa Fhrainc áit a bhfuil sí éigeantach do gach cóiste. Ba chóir dúinn é seo a thabhairt isteach láithreach.
‘Tá caint faoi le blianta agus thóg sé ró-fhada ar an Rialtas bogadh ar aghaidh leis seo a chur i bhfeidhm.’
Léiríonn sonraí an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (Road Safety Authority) gur fachtóir é tiomáint faoi thionchar an óil i 30% go 40% de na timpistí marfacha.
Dúirt an tOllamh Cusack, an mhí seo caite, gur gabhadh breis is 300 tiománaí faoi thionchar an óil níos mó ná uair amháin in 2024 agus gur ghabh na Gardaí cuid acu suas le 11 uair.
Dúirt sé: ‘Mura féidir linn an tiománaí a stopadh, stopfaimid an carr ansin.’
Dúirt an tUasal Lieghio: ‘Ba chóir go mbeadh sé de cheangal ar gach tiománaí gairmiúil análóir diúltach a shéideadh.
‘Táimid ag súil leis na caighdeáin is airde ó na daoine atá taobh thiar de rothaí trucail iltonna nó bus lán de pháistí scoile.’
Dúirt urlabhraí ón Roinn Iompair go bhfuil moltaí á mbreithniú acu faoi láthair maidir lena n-úsáid le haghaidh sábháilteachta ar bhóithre.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.