Mojtaba Khamenei: Ceannaire nua na hIaráine roghnaithe mar gheall ar a fhuath do Mheiriceá

Is cléireach é Mojtaba, ceannaire nua na hIaráine ach bhí a ghairm bheatha agus a chumhacht ar fad leis an míleata ní le daoine reiligiúnacha.

Ainmníodh Mojtaba Khamenei mar Cheannaire Uachtarach nua na hIaráine, fear a bhfuil a fhuath do Mheiriceá méadaithe ó maraíodh a mháthair, a athair, a mhná céile agus duine dá mhic ag tús an chogaidh sa Mheánoirthear.

Ag 56 bliain d’aois, glacann sé seilbh a athar, an Ayatollah Ali Khamenei, a bhí i gceannas ar an tír ar feadh breis agus 37 bliain go dtí gur maraíodh é san ionsaí ar a theach i dTehran.

Cé gur mhair Mojtaba an ionsaí, fuair a mháthar, a mhná céile agus duine dá mhic bás freisin.

Bean ag seasamh le pictiúr de Cheannaire Uachtarach nua na hIaráine, an tAyatollah Mojtaba Khamenei (ar dheis), in aice lena athair nach maireann, Ali Khamenei. Oifig: mAtta KENARE/AFP via Getty Images
Bean ag seasamh le pictiúr de Cheannaire Uachtarach nua na hIaráine, an tAyatollah Mojtaba Khamenei (ar dheis), in aice lena athair nach maireann, Ali Khamenei. Oifig: mAtta KENARE/AFP via Getty Images

Roghnaigh ‘Tionól na Saineolaithe’, grúpa de 88 scoláire reiligiúnach, é, bunaithe ar threoir a athar gur cheart go mbeadh ‘fuath ag an namhaid’ ar cheannaire na hIaráine.

Deimhníodh a rogha go gairid i ndiaidh d’Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump a rá gur rogha ‘do-ghlactha’ a bhí ann, ráiteas a d’úsáid ceannaireacht na hIaráine chun tacú lena n-argóint gurbh é Mojtaba an duine a theastaigh uathu.

Rugadh é i gcathair naofa Mashhad i 1969, agus caitheann sé turban dubh, rud a thugann le fios gur sliocht díreach den Fháidh Mohammad é.

In ainneoin an stádais seo, tá a chéim reiligiúnach conspóideach. Níl ann ach cléireach meánchéime, ní ‘Ayatollah’ sinsearach é.

Chun é seo a réiteach, chaith sé blianta ag múineadh ranganna reiligiúnacha i gcathair Qom faoi threoir meantóirí an-chrua, ag iarraidh an dea-cháil a theastaíonn uaidh a thógáil chun ceannaireacht a dhéanamh.

Tagann fíorchumhacht Mojtaba ó na scáthanna. Mar ‘gheatóir (gatekeeper)’ a athar, rialaigh sé cé a d’fhéadfadh labhairt leis an gCeannaire Uachtarach.

Tá dlúthbhaint aige leis an míleata freisin. Throid sé i gCogadh na hIaráine-na hIaráice sna 1980idí, áit ar thóg sé cairdeas le fir atá i gceannas ar an nGarda Réabhlóideach (Republican Guard) anois.

Creidtear freisin go bhfuil an Basij faoi smacht aige, siad sin mílíste deonach a úsáidtear chun agóidí frith-rialtas a stopadh go foréigneach, amhail iad siúd in 2009 agus 2022.

Murab ionann agus a athair, a raibh cáil air mar intleachtóir agus mar fhile, meastar Mojtaba níos mó mar straitéiseoir míleata agus airgeadais.

Tuairiscítear go bhfuil sé i gceannas ar Setad, ciste stáit ollmhór ar fiú na billiúin dollar é.

Cé go gcuireann sé é féin i láthair mar fhear simplí, tá baint aige le himpireacht rúnda maoine só (luxury) i gcathracha éagsúla.

De réir  tuairiscí nuachta, tá dhá árasán aige in iarthar Londan ag breathnú amach ar ambasáid Iosrael.

Trí áit a athar a ghlacadh, chruthaigh Mojtaba ríshliocht teaghlaigh. Is gluaiseacht chontúirteach í seo, toisc go bhfuil stair ag muintir na hIaráine maidir le ríthe a chur as a riocht.

Ós rud é nár shealbhaigh sé oifig phoiblí riamh ná nár toghadh é, braitheann a chumhacht go hiomlán ar thacaíocht an mhíleata.

Is aige atá an focal scoir ar gach gnó stáit, lena n-áirítear clár núicléach na hIaráine. Tá sé go láidir i gcoinne margaí a dhéanamh le tíortha an Iarthair.

Tugann a ardú chun cumhachta le fios go gcoimeádfaidh an Iaráin a seasamh ionsaitheach, rud a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos deacra deireadh síochánta a fháil ar na cogaí reatha.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram