

Beidh an scannán Gaeilge Báite, a bhfuil duaiseanna buaite aige, le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre ó Dé hAoine, 6 Márta. Tá sé á eisiúint mar chuid de Sheachtain na Gaeilge (1 go 17 Márta).
Ainmníodh an scannán do cheithre Ghradam IFTA agus bhuaigh sé sa chatagóir Ceoil Bhunaidh do na cumadóirí Eimear Noone agus Craig Stuart Garfinkle.
Bhí sé déanta tríd an tionscadal Cine4 atá taobh thiar de Róise & Frank, agus An Cailín Ciúin, a fuair ainmniúchán Oscar i 2023.

Is é Ruán Magan, deartháir Manchán Magan a chuaigh ar shlí na fírinne anuraidh, a stiúraigh an scannán nuálach seo.
Tá Báite, atá bunaithe ar an leabhar ‘The Lake’, suite i mbaile beag Gaeltachta sa bhliain 1975. Tagann an teannas chuig an mbaile, nuair a fheictear corp ag barr uisce an loch. Tragóid, a tharla ag an am céanna agus atá bean óg Peggy Casey ag iarraidh teach tábhairne a teaghlaigh a shábháil.
Is iad Eleanor O’Brien agus Moe Dunford na haisteoirí sna príomhpháirteanna, in éineacht le Juliette Crosbie, Pádraig Ó Loingsigh agus Denis Conway.
D’oibrigh TG4 le leiritheoirí Siobhán Ní Ghadhra agus John Brady ó Danú Media, comhlacht léiriúchán Gaeltachta a bhfuil cáil air chun beocht a thabhairt don script – a bhí scríofa ag Sheena Lambert – in éineacht le comh-maoineoirí Fís Éireann, agus Coimisiún na Meán.

Agus í ag labhairt faoin scannán, dúirt Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4 (Cine4): ‘Comhghairdeas le foireann Báite, d’Eimear Noone agus Craig Stuart Garfinkle as gradam IFTA (don bunscór) a bhuachaint.
‘Is scannán muiníneach atmaisféarach Gaeilge é Báite trína léirítear uaillmhian agus neart cruthaitheach scéim Cine4. Tá sé fréamhaithe go domhain in áit agus i gcarachtair, cuirtear scéal láidir ar an scáileán mór leis agus leagtar béim leis ar shaibhreas scéalaíocht na Gaeilge.
‘Tá TG4 bródúil as an tacaíocht a thug sé do Danú Media agus don fhoireann chruthaitheach a raibh baint acu le Báite agus an scannán ar tí dul os comhair lucht féachana sna pictiúrlanna i mí an Mhárta.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.