

Tá urlabhraí cosanta na Daonlathaithe Sóisialta imníoch go bhfuil an Rialtas ag déanamh beag is fiú den phobal leis an nGlas Triarach (Triple Lock) trí dheireadh a chur leis an ngá atá le ceadú ó na Náisiúin Aontaithe chun trúpaí síochánaíochta a imscaradh thar lear.
Bhí Sinéad Gibney ag freagairt d’éileamh ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Helen McEntee, go bhfuil sé in am ‘comhrá macánta’ a bheith againn faoi straitéis chosanta na hÉireann.

Ag labhairt di ag Comhdháil Slándála i München ag an deireadh seachtain, dúirt Helen McEntee, cé go bhfuil Éire ‘neodrach ó thaobh na míleata de… ní chiallaíonn neodracht seasamh go socair. Ní chiallaíonn sé seasamh scartha ó dhaoine eile.’
Feictear tuairimí McEntee mar chuid de roinnt tuairimí ó cholúnaithe nuachtán agus ó lucht tacaíochta an Rialtais i bhfabhar seasamh na hÉireann ar neodracht a lagú.
D’éiligh siad nach bhfuil córas maith frith-drón ag Éirinn agus nach bhfuil an cumas aici dróin a lámhach a thagann isteach in aerspás na hÉireann go mídhleathach agus tá siad tar éis é seo a nascadh lena mian go gcuirfeadh Éire deireadh leis an Ghlas Triarach’.
D’áitigh McEntee ‘go bhfuil Éire ag neartú a hullmhachta sa bhaile go háirithe agus an tír seo ag ullmhú chun uachtaránacht an Aontais Eorpaigh a ghlacadh uirthi féin níos déanaí i mbliana.’
Scríobh urlabhraí cosanta Shinn Féin, Donnchadh Ó Laoghaire, ar X: ‘Is é an comhrá ‘macánta’ ná gur theip ar an Rialtas seo agus ar na rialtais roimhe seo na Fórsaí Cosanta. Tá a gcuid polasaithe tar éis sinn a fhágáil nochta go mór… Tá go leor den chaint mhór againn. Am don seachadadh.’
Chuir Gibney i leith an Rialtais go raibh siad ‘ag déanamh beag is fiú dínn faoi láthair trí mholadh go bhfuil deireadh a chur leis an Ghlas Triarach comhoiriúnach (compatible) le neodracht’.
Cháin sí teipeanna ‘leagan na bpáirtithe seo [an FG agus an FF] a d’fhág na fórsaí armtha i ngátar an oiread sin infheistíochta.’
Léirigh pobalbhreith ó Amárach Research gur mian le 77% de na freagróirí neodracht na hÉireann a choineáil.
Chomh maith leis sin léirigh pobalbhreith ó The Irish Times-Ipsos B&A an tseachtain seo caite gur mian le breis is 70% de na freagróirí neodracht na hÉireann a fheiceáil faoi chosaint ag an mbunreacht agus gur mian le tromlach na ndaoine a léirigh tuairim ar an nGlas Triarach é a choinneáil.

Ina theannta sin, d’aontaigh 85% de na freagróirí gur cheart d’Éirinn ‘níos mó freagrachta a ghlacadh as ár gcosaint féin’.
Tá imní ag méadú faoi dhíograis an Taoisigh Mícheál Ó Máirtín fáil réidh leis an Ghlas Triarach agus diúltú reifreann a reáchtáil chun neodracht a chosaint.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.