Tá méadú tagtha ar dhiagnóis ADHD: An bhfuil na saineolaithe ag glacadh an chur chuige cheart leis

10/02/2026

Labhair Tommy Tiernan den chéad uair faoina ADHD féin agus chuir a chuid tuairimí tús le díospóireacht faoi dhiagnóisiú fadhbanna sláinte meabhrach.

Tá freagra tugtha ag dochtúir ar an gceist atá á cur ag gach duine na laethanta seo. An bhfuil ADHD ag beagnach gach duine? Más ea, conas a d’fhéadfadh sé seo a bheith fíor. Agus mura bhfuil, cén fáth a mbraitheann an oiread sin daoine mar sin?

Is ábhar é a phléann an scríbhneoir Albanach, an Dochtúir Gavin Francis, ina leabhar ‘The Unfragile Mind: Making Sense of Mental Health’.

Phléigh Tommy Tiernan diagnóis Neamhord an Easnaimh Airde agus na Hipirghníomhaíochta (Attention Deficit Hyperactivity Disorder, ADHD) air féin in eipeasóid de The Tommy Tiernan Show ar RTÉ a hAon agus ar Sheinnteoir RTÉ.

tommy tiernan feat
Nocht Tommy Tiernan go bhfuil ADHD air

De réir an HSE, is neamhord néarafhorbartha (neuro-developmental) coitianta é ADHD le trí phríomhchomhartha: easpa airde, hipirghníomhaíocht (hyperactivity) , agus taghdaíl (impulsiveness).

Ar a chlár, bhí an néareolaí agus an t-údar Dr Suzanne O’Sullivan i gcuideachta an láithreora agus fuirseoir.

Dúirt sí: ‘Scríobh mé an leabhar The Age of Diagnosis a ardaíonn an cheist faoin iomarca lipéadaithe, an iomarca tástálacha, an iomarca daoine a iompú ina n-othair.’

Tá méadú mór tagtha ar dhiagnóisí ADHD le 20 bliain anuas, agus tá an riocht diagnóisithe ag líon gan áireamh daoine fásta anois, agus deir formhór acu go bhfuiar siad faoiseamh mar go bhfuil freagra acu faoi dheireadh maidir leis an gcúis a n-iompraíonn siad mar a iompraíonn siad.

Deir daoine eile go bhfeiceann siad é mar chineál ‘Superpower’ – toisc gur bealach difriúil smaointeoireachta agus gnímhé é ADHD nó néara-éagsúlacht, i gcomparáid le hiompar daoine a bhfuil inchinn néaraitipiciúil (neurotypical) acu.

Deir saineolaithe go bhfuil an borradh i ndiagnóisí ADHD á thiomáint den chuid is mó ag feasacht níos mó agus glacadh méadaitheach le néara-éagsúlacht, go háirithe i measc daoine fásta a aithníonn comharthaí a chreideann nár tugadh faoi deara nuair a bhí siad óg.

Tá tuarascáil i Ladbible ina luaitear an Dr Doug McKechnie, a chuir le staidéar UCL ar an treocht le déanaí, ag rá go bhfuil níos mó daoine ná riamh ag fáil an chéad diagnóis níos déanaí sa saol.

‘Is i leanaí is minice a aithnítear ADHD, ach táimid ag feiceáil ardú suntasach anois i líon na ndaoine fásta atá á ndiagnóis den chéad uair,’ a dúirt sé. ‘Ní thuigimid go hiomlán cén fáth, ach is dócha go bhfuil ról mór ag feabhsú aitheantais agus rochtain ar mheasúnú.’

Mar sin féin, mhol an dochtúir teaghlaigh Francis go bhféadfadh critéir athraitheacha a bheith ag cur leis an méadú freisin, ag maíomh go bhfuil tairseacha (thresholds) diagnóiseacha laghdaithe de réir a chéile le dhá nó trí scór bliain anuas.

Dúirt sé freisin go bhfuil an spleáchas méadaitheach ar chógas ina chúis imní dó.

An Dochtuir Suzanne OSullivan. Pictiur Tommy TiernanInstagram
An Dochtúir Suzanne O’Sullivan. Pictiúr Tommy Tiernan/Instagram

‘Tá mé tar éis bualadh le go leor othar nach bhfuil na drugaí an-chabhrach dóibh,’ a dúirt sé.

‘Tugann cuid acu faoi deara go mbíonn feabhas beag orthu ar dtús, ach stopann go leor acu na drugaí a ghlacadh mar go mbraitheann siad míchompordach nó nach mbraitheann siad iad féin.’

Chomh maith leis sin, léirigh sé imní maidir leis an ró-dhiagnóis fhéideartha ar ADHD, ag moladh, cé go bhfuil éagsúlacht néareolaíoch fíor, nach ionann gach diagnóis agus míchumas.

Áitíonn sé ar son cur chuige níos casta agus níos comhbháí i leith na sláinte meabhrach, ag cur béime ar an bpointe nach gceart do lipéid teorainneacha duine a shainiú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram