

Rinne Tommy Tiernan admháil leochaileach ar a chlár cainte RTÉ oíche Shathairn. Nocht an fuirseoir gur diagnóisíodh ADHD air le déanaí.
Mhínigh an fear as Uaimh go raibh ciall mhór leis an diagnóis, go háirithe nuair a smaoiníonn sé siar ar a laethanta scoile.

Is riocht néareolaíoch é ADHD ina dteipeann ar cheimiceáin néar-tharchuradóirí (neurotransmitter chemicals) na hinchinne oibriú i gceart, de réir ADHD Ireland.
Labhair Tiernan faoina dhiagnóis leighis le déanaí agus é ag labhairt lena dhara haoi, an néareolaí Dr Suzanne O’Sullivan. Is abhcóide mór í ar son ‘chumhacht na hintinne thar an gcorp’, agus tá sí i bhfabhar brú i dtreo ‘níos lú lipéid’.
‘Diagnóisíodh ADHD orm le déanaí. Agus bheadh ciall mhór leis domsa,’ a dúirt Tiernan léi. ‘Nuair a bhí mé ar scoil sna ’70idí agus sna ’80idí, ní raibh a fhios agam fiú go bhféadfadh ADHD a bheith ann.
‘Níl mé cinnte an mbeadh mórán maitheasa agam dá mbeadh mé ar an eolas faoin rud.
‘Bheadh sé chun leasa na ndaoine a raibh teagmháil agam leo mar dhuine fásta (a fhios a bheith acu go raibh mé “neurodivergent” difriúil,’ a dúirt Tiernan ag gáire.
‘Sílim má tá leanbh “neurodivergent”, go mbeidh a fhios acu go soiléir go bhfuil siad “neurodivergent”, nó go mbeidh a fhios ag na daoine timpeall orthu go soiléir go bhfuil siad “neurodivergent”.
‘Ach tuigim go bhfuil an réimse doiléir seo ann, a cheapann mé a d’fhéadfadh a bheith mar an réimse atá á phlé agat, réimse de thrioblóid, nach gá go mbeadh sé ina chomhartha d’aon rud seachas a bheith i do dhuine óg ar domhan,’ a dúirt Tiernan lena aoi.
Mhínigh an Dr Suzanne: ‘Athraíonn na scéalta a insímid dúinn féin faoinár gcorp an chaoi a bhfeicimid ár gcorp, agus athraíonn siad éifeachtúlacht ár gcorp.’
Leag sí béim freisin ar: ‘Cé chomh láidir is atá an intinn thar an gcorp,’ agus dúirt Tommy léi gur ‘ceann deacair’ a bhí ann a thuiscint go hiomlán.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.