Morgan McSweeney, fear as Corcaigh a d’éirigh as rialtas na Breataine mar gheall ar scannal Mandelson

08/02/2026

Bhí Morgan McSweeney páirteach i ngrúpa ar a dtugtar ‘Labour Together’ agus bhí sé páirteach sa bhrú chun fáil réidh le Jeremy Corbyn mar cheannaire ar Pháirtí Labour na Breataine.

Tá Morgan McSweeney, príomhfheidhmeannach foirne Keir Starmer, tar éis éirí as a ról mar chúntóir is gaire don phríomh-aire Briotanach i measc fearg faoi cheapadh Peter Mandelson mar ambasadóir SAM.

Ach cé hé McSweeney agus conas a tháinig sé chun bheith ar dhuine de na daoine is cumhachtaí i bpolaitíocht na Breataine?

D’éirigh sé as Dé Domhnaigh, ag rá gur ghlac sé ‘lánfhreagracht’ as comhairle a thabhairt do Starmer post sinsearach a thabhairt do Mandelson, a bhí ina chomhghuaillí dlúth agus ina meantóir polaitiúil.

Morgan McSweeney
Morgan McSweeney

Mar sin féin, bhí brú mór air éirí as roimh a dhéin sé é, agus deir a chairde go bhféadfadh sé filleadh ar a ról mar straitéiseoir toghcháin i gceanncheathrú Pháirtí an Lucht Oibre sa deireadh.

Creidtear anois go mbeidh brú ar Starmer féin freagracht a ghlacadh as ceapachán Mandelson in ainneoin a bhí ar eolas faoi.

Rugadh an tUasal McSweeney i gCorcaigh, agus bhí ról lárnach aige in ardú an Uasail Starmer i gcumhacht mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, agus mar a phríomhchomhairleoir, bhí ról lárnach aige ina ardú mar Phríomh-Aire.

I ndiaidh an scannail a tháinig chun solais go raibh Mandelson in a chara leis an bpéideafíleach agus an t-airgeadaí náirithe Jeffrey Epstein, bhí brú ag teacht ar McSweeney.

Deirtear gur thug Starmer ardú céime do Mandelson ar chomhairle McSweeney agus bhí go leor de chomhghuaillithe polaitiúla agus de na naimhde atá ag an Uasal Starmer ag éileamh go gcuirfí deireadh le post McSweeney.

CÉ HÉ MORGAN MCSWEENEY?

Rugadh Morgan McSweeney i Maigh Chromtha (Macroom), Co. Chorcaí i 1977, agus d’imigh sé go Sasana nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois, ag obair ar láithreáin tógála agus ag dul chuig an ollscoil sular éirigh sé as laistigh de bhliain.

Bhí cónaí air in kibbutz in Iosrael ar feadh sé mhí sular fhill sé ar an ollscoil ag 21 bliain d’aois, ag déanamh staidéir ar pholaitíocht agus ar mhargaíocht, agus chuaigh sé isteach i bPáirtí an Lucht Oibre i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Cé go raibh sé an-phríobháideach, tháinig sé chun solais in 2024 gur gabhadh athair an Uasail McSweeney, Tim, agus gur cúisíodh é as a bheith páirteach i gcamscéim gluaisteán só £1.2 milliún (€1.4 milliún), agus go raibh ciontú ionsaithe coiriúil roimhe seo aige i ndáil le heachtra a raibh baint aige lena mhac.

Keir Starmer
Keir Starmer

In 2001, thosaigh Morgan McSweeney ag obair mar intéirneach ag Ceanncheathrú an Lucht Oibre, agus cúig bliana ina dhiaidh sin d’oibrigh sé ar an bhfeachtas do Steve Reed, iarrthóir Chomhairle Buirge Londain Lambeth, a rachadh ar aghaidh chun bheith ina Rúnaí Tithíochta faoi cheann an Uasail Starmer.

In 2015, bhí sé i gceannas ar fheachtas ceannaireachta an Lucht Oibre do Liz Kendall, a fuair níos lú ná 5% den vóta – ach dhá bhliain ina dhiaidh sin, thosaigh a ardú chun cumhachta ag dul ó neart go neart mar chéile comhraic (rival) do cheannaire an Lucht Oibre ag an am, Jeremy Corbyn.

Ceapadh McSweeney ina stiúrthóir ar an meitheal mhachnaimh Labour Together, a bhí i gcoinne Corbyn agus a bhí ag iarraidh an páirtí a bhogadh amach ó thuairimí na heite clé de chuid Corbyn agus a chomhghleacaithe. Roghnaigh an meitheal mhachnaimh Keir Starmer mar a rogha ceannaire.

A CHUID OIBRE LE KIER STARMER

Tar éis dó a bheith tofa mar cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre, roghnaigh Starmer McSweeney mar phríomhfheidhmeannach a fhoirne — sular aistrigh sé go ‘ról straitéiseach’ é tar éis don pháirtí a chailleadh i bhfothoghchán.

Creidtear gurbh é McSweeney a bhí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhogadh Pháirtí an Lucht Oibre ar dheis, ag athbhrandáil a lógó ionas go n-úsáidfí ‘Union Jacks’ mar a lógó, agus go gcanfaí ‘God Save the Queen/King’ ag comhdhálacha an pháirtí.

Jeremy Corbyn
Jeremy Corbyn

Tar éis do Pháirtí an Lucht Oibre teacht i gcumhacht i dtoghchán 2024, ceapadh McSweeney mar cheann straitéise polaitiúla an pháirtí.

I mí Dheireadh Fómhair 2024, tar éis éirí as Sue Grey i ndíospóid phá, ceapadh McSweeney ina Cheann Foirne ar Shráid Downing. Bhí sé mar crann taca an Phríomh-Aire nua agus ‘an fear is cumhachtaí sa pholaitíocht’ de réir tuairiscí.

CEAPACHÁN PETER MANDELSON

Cé gur sheachain McSweeney formhór na scannal a bhain lena phost — lena n-áirítear a bheith cúisithe as ‘ciste dubh’(slush-fund) rúnda a cheilt agus fíneáil beagnach £15,000 a ghearradh ar Labour Together — tá naimhde agus comhghuaillithe an pháirtí ag ag éileamh go gcuirfí as a phost é mar gheall ar an ról a bhí aige i gceapadh Peter Mandelson mar Ambasadóir na Breataine chuig na Stáit Aontaithe.

Tuigtear go raibh ról mór ag McSweeney i gceapadh Mandelson, a bhí ina chara agus ina chomhghleacaí gnó leis an airgeadaí agus an péidifileach náirithe Jeffrey Epstein, tar éis a chiontaithe i 2008.

Tá leithscéal gabhtha ag Starmer leis na híospartaigh d’Epstein i ndiaidh theacht chun cinn an scannail, agus as creidiúint i ‘bhréaga’ Mandelson agus as é a cheapadh in ainneoin a chairdeas le Epstein a bheith ar eolas ag an bpobal ag an am.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram