Bill agus Hillary Clinton le fianaise a thabhairt i bhfiosrúchán Jeffrey Epstein – agus brú ar George Mitchell

03/02/2026

Tagann cinneadh Clinton i ndiaidh míonna brú fianaise a thabhairt, agus cinneadh Ollscoil na Banríona dealbh den Seanadóir George Mitchell a bhaint

Tá iar-Uachtarán Mheiriceá Bill Clinton agus iar-Rúnaí Stáit Hillary Clinton tar éis aontú fianaise a thabhairt san imscrúdú i gcás Jeffrey Epstein ag coiste de chuid Comhdháil na Stát Aontaithe (Congress).

Tá Bill Clinton agus an Seanadóir George Mitchell araon – an bheirt Mheiriceánach shinsearach a chuidigh leis an bPróiseas Síochána in Éirinn – os comhair ceisteanna faoi Epstein

Tá imscrúdú curtha ar bun ag an gCoiste Maoirseachta agus Athchóirithe Rialtais (Oversight and Government Reform Committee) faoin gciontóir gnéis a ciontaíodh, Epstein, agus na daoine a raibh baint aige leo.

Clinton
Bill agus Hillary Clinton. Pictiúr: Kevin Dietsch/Getty Images

Tagann an cinneadh ó Bill agus Hillary Clinton tar éis míonna caibidlíochta idir iad agus an coiste a bhagair an bheirt a mheas mar dhíspeagadh (contempt) ar an gComhdháil.

Vótáil Coiste Maoirseachta an Chomhdháil an mhí seo caite chun dul ar aghaidh leis na rúin dhíspeagadh.

Tagann an cinneadh ó muintir Clinton, a raibh ról an-tábhachtach acu i rath Chomhaontú Aoine an Chéasta (Good Friday Agreement), de réir mar a chinn Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste ainm duine d’ailtirí an chomhaontaithe sin a bhaint as Ionad Síochána mar gheall ar a naisc le hEpstein.

Bainfear dealbh den iarsheanadóir SAM George Mitchell de thalamh na hollscoile freisin.

Epstein-Trump
Ón chlé – Uachtarán Donald Trump, Melania Trump, Jeffrey Epstein, agus Ghislaine Maxwell sa bhliain 2000. Pictiúr: Davidoff Studios/Getty Images)

Bhí an tUasal Mitchell, a bhí ina chomhghuaillí le Bill Clinton, ina chathaoirleach ar an gcaibidlíocht a d’eascair as comhaontú síochána 1998.

Tá baint fhadtéarmach aige leis an ollscoil agus é mar sheansailéir ann ó 1999 go 2009.

Tagann cinneadh na Bill agus Hillary Clinton fianaise a thabhairt san imscrúdú comhdhála ar Epstein i ndiaidh líomhaintí claontachta polaitiúla uathu.

Roimhe seo, thairg siad comhoibriú leis an bpainéal ach dhiúltaigh siad láithriú go pearsanta, ag rá gur cleachtadh claonta a bhí san imscrúdú, a bhí dírithe ar an Uachtarán Poblachtach Donald Trump a chosaint.

George Mitchell, Hillary Clinton, Bill Clinton agus Tony Blair leis an dealbh
George Mitchell, Hillary Clinton, Bill Clinton agus Tony Blair leis an dealbh

Dúirt leas-phríomhfheidhmeannach foirne na Clinton, Angel Urena: ‘Dúirt siad leat faoi mhionn cad atá ar eolas acu, ach is cuma leat foi sin.

‘Ach beidh an t-iaruachtarán agus an t-iar-rúnaí stáit ann. Tá siad ag tnúth le fasach a leagan síos a bhaineann le gach duine.’

Chuir Ceann Comhairle (Speaker) Theach na Comhdhála, Mike Johnson, fáilte roimh an nuacht ach ní dúirt sé an dtitfeadh siad óna vóta díspeagtha beartaithe.

Deir na Daonlathaithe go bhfuil an fiosrúchán á úsáid mar arm chun ionsaí a dhéanamh ar chéile comhraic pholaitiúla an Uasail Trump – comhlach fadtréimhseach le hEpstein é féin nár glaodh air chun fianaise a thabhairt – seachas maoirseacht dhlisteanach a dhéanamh.

Chaith an tUasal Trump míonna ag iarraidh bac a chur ar nochtadh comhad imscrúdaithe a bhain le hEpsteinle nasc chuig billiúnaithe, polaiteoirí, acadóirí agus daoine cáiliúla.

Níl cúisithe i mí-iompar coiriúil a bhain le gníomhaíochtaí Epstein i gcoinne Trump ná muintir Clinton.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram