

Léiríonn tuarascáil nua ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) go bhfuil ardú suntasach tagtha ar neamhláithreacht daltaí i mbunscoileanna agus i meánscoileanna na hÉireann ó tharla an phaindéim Covid-19.
De réir na dtaighdeoirí, níl aon chomhartha soiléir ann go bhfuil an scéal ag feabhsú leis an am, rud atá ina chúis mhór imní do chóras oideachais na tíre.

Sa scoilbhliain 2023/24, tháinig méadú 30% ar líon na mbunscoileanna ina raibh daltaí ‘as láthair go hainsealach’, is é sin daltaí a chaill 20 lá scoile nó níos mó, i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.
Duirt breis agus ceathrú de na bunscoileanna go raibh méadú ar líon na laethanta a cailleadh in aghaidh an dalta.
I meánscoileanna, bhí an scéal níos measa fós, le hardú 42% ar neamhláithreacht ainsealach agus beagnach leath de na scoileanna ag tuairisciú méadú ar laethanta caillte.
Dúirt an Dr Emer Smyth ón ESRI go bhfuil roinnt fachtóirí ag cur leis an bhfadhb, lena n‑áirítear deacrachtaí sóisialta agus mothúchánacha i measc daltaí ó tharla an phaindéim.
I gcásanna áirithe, léiríonn na deacrachtaí seo iad féin mar dhiúltú scoile nó seachaint scoile. Luaigh sí freisin go bhféadfadh athrú teacht ar dhearcadh tuismitheoirí i leith tinrimh scoile le linn na tréimhse ina raibh scoileanna dúnta, agus go bhféadfadh sé sin tionchar fadtéarmach a bheith aige.

Tá an fhadhb níos géire i scoileanna atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíoch. I scoileanna DEIS, chaill 35% de dhaltaí 20 lá scoile nó níos mó sa bhliain 2023/24, i gcomparáid le 17% i scoileanna neamh‑DEIS.
Tá leibhéil arda neamhláithreachta le feiceáil freisin i scoileanna speisialta, áit ar chaill 31% de dhaltaí 20 lá nó níos mó, go minic mar gheall ar thinneas nó coinne leighis agus teiripeacha.
I mbunscoileanna, ba í an tinneas an phríomhchúis le neamhláithreacht na daltaí, agus í freagrach as beagnach leath de na laethanta caillte.
I meánscoileanna, áfach, ba é ‘neamhláithreacht gan mhíniú’ an chúis ba choitianta. Tugann sé seo le fios go bhféadfadh drogall leanúnach a bheith ar theaghlaigh leanaí a chur ar scoil má tá siad fiú beagán míshláintiúil.
Fuarthas amach freisin go raibh leibhéil tinrimh níos fearr i nGaelscoileanna ná i scoileanna Béarla, agus go raibh scoileanna beaga tuaithe ag feidhmiú níos fearr ó thaobh freastail de.
Mar sin féin, tugann an ESRI rabhadh nach réiteoidh an fhadhb í féin gan idirghabhálacha móra, spriocdhírithe, go háirithe do scoileanna faoi mhíbhuntáiste.
Dar leis na taighdeoirí, mura dtugtar aghaidh ar an gceist, d’fhéadfadh sí cur go mór le héagothroime oideachais agus sóisialta san fhadtéarma.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.