

Tháinig Tom Vaughan-Lawlor trasna mar dhuine de na drongadóirí is garbha ar scáileáin na hÉireann nuair a bhí sé i bpríomhról Nidge i Love/Hate.
Ach anois deir sé go ndéanann a mhac déagóirí ‘gáire’ faoina athair nuair a fhéachann sé siar ar an dráma drongchoirpeachta gránna sin.

Dúirt sé: ‘Sílim go bhféachann sé ar an stuif sin ar fad agus go ngáireann sé. Dá ndéanfainn iarracht air sin leis, ní dhéanfadh sé ach gáire fúmsa, mar go mbainfeadh sé an bonn de leis an amaidí a bhaineann le mo neamhábaltacht cloí le haon rud atá fíor i ndáiríre.
‘Is greannmhar dó gur féidir liom carachtair dhian, ionsaitheacha a dhéanamh mar is dócha go bhfuilim amadánta (goofy) i mo shaol féin,’ a dúirt sé leis an Sunday Independent.
Labhair Tom, atá pósta leis an aisteoir Claire Cox, freisin faoin gcaoi a mbíonn a mhac tacúil leis nuair a bhíonn cumha (homesick) air ó am go chéile agus é ar shiúl ó Éirinn agus é ina chónaí i Londain.

Tá Tom le bheith ina réalta i seó nua ar RTÉ, These Sacred Vows, a chraolfar ar an 1 Feabhra, agus feicfidh sé Tom mar sagart, an tAthair Vincent, sa seó. Tá Justine Mitchell agus Jason O’Mara sa seó chomh maith.
Tosaíonn an dráma grinn ar maidin i ndiaidh bainise Éireannach ar oileán Spáinneach, nuair a fhaightear corp sagairt ag snámh aghaidh síos i linn snámha villa na n-aíonna óga.
Le linn sé eipeasóid, léimeann an t-aicsean siar in am chun athchuairt a thabhairt ar phríomhimeachtaí seachtaine fiáine roimhe sin, gach ceann acu ó pheirspictíocht carachtair dhifriúil.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.