Comórtas Ó Riada le blas Meiriceánach agus múinteoir Steve Martin

22/01/2026

An mbeidh tionchar ag an gceol traidisiúnta Meiriceánach a sheinneann Steve Martin ar Chomórtas Bonn Óir Seán Ó Riada atá ar RnaG anocht?

Beidh blas ceol traidisiúnta Meiriceánach de chuid Steve Martin ar Raidió na Gaeltachta anocht (Dé hAoine) ar chomórtas Seán Ó Riada – mar bheidh an bhean a mhúin an consairtín don aisteoir grinn mór le rá in Hollywood ag glacadh páirte ann.

Tá Martin –  a raibh tóir bainte amach aige i scannáin mar Dead Men Don’t Wear Plaid, The Man with Two Brains agus Dirty Rotten Scoundrels – aitheanta cheana féin as a sheinm bhainseó.

Agus mhúin Caitríona Fee, as Nua-Eabhrac, an consairtín  dó. Dúirt sí gur pribhléid a bhí ann di an consairtín a mhúineadh do Martin.

Steve Martin in the Man With Two Brains
Steve Martin in the Man With Two Brains

Bhí Martin i mbun aisteoireachta sa tsraith Only Murders in the Building ag an am.

Tá cónaí ar Chaitríona i Virginia agus múineann sí an consairtín do bhannaí céilí agus sa Scoil Cheoil Ghaelach i mBaltimore. 

Is Gael-Mheiriceánach é Colm Kadis, ceoltóir eile atá ag glacadh páirte sa chomórtas. Chuaigh an ceol Gaelach i bhfeidhm go mór air mar thoradh ar an spreagadh a fuair sé óna sheanathair, a rugadh in Éirinn ach a tógadh i Meiriceá.

Is de bhunadh Bhaile Deasumhan i gCorcaigh agus Oileán Chiarraí sin-seantuismitheoirí Choilm.

Chuaigh ceol Shliabh Luachra i bhfeidhm go mór ar sheanathair Choilm, agus thug a chuid garmhac leo ó dhúchas é.

Is breá le Colm a bheith ag seinm nuair nach bhíonn sé ag taisteal ar fud fad Mheiriceá mar chomhairleoir ar fheirmeoirí déiríochta.

Tá an comórtas dírithe ar na huirlisí giolcaigh miotail i mbliana, lena n-áirítear an bosca ceoil, an consairtín agus an t-orgán béil. Tá 15 ceoltóir ó gach cearn den tír san iomaíocht don duais mhór i mbliana – an bonn óir, deartha ag Niamh Utsch agus €2500.  

Craolfar Comórtas Bonn Óir Seán Ó Riada ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine beag seo, 23 Eanáir ar an gclár Cuireadh Chun Ceoil, arna chur i láthair ag Peadar Ó Riada ó 7 i.n, beo ó Óstán Rochestown Park i gcathair Chorcaí.

I measc na n-iomaitheoirí eile tá Ademar O Connor, ceoltóir il-uirlise as Contae Uibh Fháilí, Ciarán O’Connell, boscadóir agus píobaire uilleann as Luimneach, Joseph Mannion, boscadóir as Port Láirge.

As Tiobraid Árann, tá an boscadóir Colm Slattery san iomaíocht, agus William Holmes, an t-aon iomaitheoir a bheidh ag seinm ar an orgán béil.

Seán Ó Riada
Seán Ó Riada

Tá beirt as Contae an Chláir, Aidan Quigney ar an bhfeadóg mhór, agus Ríona Hely ar an gconsairtín san iomaíocht, agus beirt as Ard Mhacha; Oisín Ó Brolacháin ar an gconsairtín, agus an píobaire Annalise Whyte.

Ón Iarmhí, tá Caomhan Mac Gabhann, a sheinneann an consairtín.

Faoi dheireadh, tá triúr as Corcaigh – beirt ar an gconsairtín; Éabha Ní Mhurchú as Na hUamhanna agus Sean Ahern as Cill Bhriotáin, agus an boscadóir Amhlaoibh Ó Siocháin Ó Beoláin as Mainistir Fhear Maí.

I mbliana is iad na ceoltóirí iomráiteacha Mary Mac Namara as Contae an Chláir, Johnny Óg Connolly as Conamara agus an Ciarraíoch Danny O Mahony a bheidh i mbun moltóireachta.   

 Dúirt Peadar Ó Riada, a d’eagraigh an comórtas agus a chuirfidh i láthair é go bhfuil sé ‘ana shásta go bhfuil an comórtas ag dul ó neart go neart le hiomaitheoirí againn ó chuile chearn den domhan agus beirt iarrthóir as Meiriceá tar éis áit a bhaint amach sa chraobh  i mbliana.

Screenshot 2026 01 22 193315

‘Tá an caighdeán an-ard agus tá muid sásta ach go h-áirithe, mar go bhfuil an ghlúin óg ag filleadh ar an gcomórtas bliain i ndiaidh bliana. Bíonn ceol den scoth sa chomórtas beo agus agus leanann sé ar feadh na hoíche!’ 

Beidh ticéid ar fáil ar an doras ar chostas €10 agus tá lascaine ar fáil ar sheomraí in Ostán an Rochestown dóibh siúd a bheidh ag freastal ar an ocáid. Beidh an chraobh á craoladh beo ar leathanach Facebook RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin. 

Craolfar Comórtas Bonn Óir Seán Ó Riada beo ar Cuireadh Chun Ceoil le Peadar Ó Riada ó 7i.n. ar an Aoine 23 Eanáir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram