

Tá daoine cáiliúla ar nós Lily Allen agus láithreoirí teilifíse ITV Susanna Reid agus Kate Garraway, tar éis trácht a dhéanamh ar an scoilt phoiblí idir Brooklyn Beckham agus a thuismitheoirí cáiliúla, David agus Victoria Beckham.
Ag labhairt ar Good Morning Britain, dúirt Reid go raibh na líomhaintí a rinne Brooklyn ‘millteach’ agus go bhféadfadh sé a bheith an‑deacair an caidreamh teaghlaigh a dheisiú.
Dúirt Garraway gurbh é an ghné phearsanta, seachas an branda cáiliúil, a bhí ‘coscrach’.

I bpost fada ar Instagram, mhaígh Brooklyn Beckham (26) gur fhulaing sé blianta de ‘rialú’ agus de mhí‑urraim óna thuismitheoirí, go háirithe i leith a bhean chéile, Nicola Peltz.
Dúirt sé go raibh ‘Branda Beckham’ curtha chun tosaigh i gcónaí, agus go raibh ‘bréaga gan áireamh’ á gcothú chun íomhá an teaghlaigh a chosaint.
Dar leis, ní raibh ‘aon rogha’ aige anois ach seasamh suas dó féin, agus dúirt sé nach bhfuil sé ag iarraidh réiteach a dhéanamh lena theaghlach.
Maíonn Brooklyn gur thosaigh na deacrachtaí roimh a phósadh mór le rá in 2022 le Nicola Peltz, iníon an billiúnaí Meiriceánaigh Nelson Peltz.

Deir sé go ndearna a thuismitheoirí iarrachtaí leanúnacha an caidreamh a chur as a riocht. I measc na gcúiseamh is suntasaí tá líomhain gur cuireadh ceal, ag nóiméad deireanach, pleananna do Victoria Beckham gúna bainise a dhearadh do Nicola, rud a d’fhág go raibh ar an mbrídeog gúna eile a aimsiú go práinneach.
Tá cuntais eile ann a deir gurbh í Nicola féin a roghnaigh dearthóir eile ag an nóiméad deireanach.
Luaigh Brooklyn freisin teannas mór maidir le socrú suíochán na bainise. Dúirt sé gur glaodh ‘olc’ air toisc gur roghnaigh sé a sheanmháthair féin agus seanmháthair Nicola a shuí ag an mbord uachtarach, agus mhaígh sé go ndamhsaigh a mháthair leis go han mhíchuí os comhair aíonna, rud a d’fhág é náirithe.
Ina theannta sin, deir sé gur cuireadh brú air ainm a shíniú uaidh ar son déileálacha agus formhuinithe (endorsements).

Ag tagairt do thinte fiáine Los Angeles i mí Eanáir 2025, mhaígh sé gur dhiúltaigh a mháthair cabhrú nuair a d’iarr Nicola tacaíocht chun madraí díláithrithe a shábháil.
Le déanaí, d’athnuaigh Brooklyn agus Nicola a gcuid gealltanas pósta, dar leo, chun cuimhní nua sona a chruthú seachas cuimhní a raibh ‘imní agus náire’ ag baint leo.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.