Ospidéal i mBaile Átha Cliath ag tabhairt dóchas le tástálacha ailse nua

Deir Ospidéal Ollscoile Mater go féidir leo dul i ngleic le hailse ionsaitheacha

Tá tástálacha ailse nua in Ospidéal Ollscoile an Mater ag tabhairt dóchais úr do na hothair a bhfuil cuid de na foirmeacha is ionsaithí agus is deacra a chóireáil orthu.

Ospidéal Ollcoile an Mater
Tá tástálacha ailse nua in Ospidéal Ollscoile an Mater ag tabhairt dóchais úr do na hothair a bhfuil cuid de na cineálacha is ionsaithí agus is deacra a chóireáil den ghalar orthu. Pictiúr Shutterstock

Ligeann tástáil Claudin-18 (CLDN18) agus Folate Receptor-1 (FOLR-1) do dhochtúirí a aithint cé na hothair is dóichí a bhainfidh leas as imdhíon-teiripe (immunotherapies) atá dírithe go mór agus a fhéadfaidh fad a saoil a bhaint amach, fiú nuair a theip ar chóireálacha traidisiúnta.

Braitheann na tástálacha in Opsidéal Ollcoile na Mater, atá bailíochtú le déanaí ag Roinn Phaiteolaíochta Ceallach an ospidéil, próitéiní sonracha i bhfíochán meall (tumour tissue), rud a chabhraíonn le cliniceoirí an chóireáil cheart a thabhairt d’othair ag an am ceart.

Dúirt an Dr Ann Treacy, Histeapaiteolaí (Histopathologist) Comhairleach in Ospidéal Ollscoile an Mater, go bhfuil leathnú diagnóisic beachta ríthábhachtach d’othair a bhfuil roghanna teoranta acu.

Mater. Pictiur Shutterstock
Pictiúr: Shutterstock

‘Braitheann thart ar 70 faoin gcéad de chinntí leighis ar thorthaí paiteolaíochta. Cuidíonn an tástáil chun cinn seo lena chinntiú go bhfaigheann othair cóireálacha atá oiriúnaithe dá ngalar, rud atá ríthábhachtach chun torthaí a fheabhsú,’ a dúirt sí, de réir Medical Independent.

Tacaíonn tástáil Claudin-18 le cinntí cóireála le haghaidh ailse ghastraistéigeach (gastrointestinal) uachtarach, agus cuidíonn tástáil FOLR-1 le treoir a thabhairt do theiripe le haghaidh ailse ubhagáin (ovarian), feadán fallópach agus príomh-pheireatóinéil, go háirithe i gcásanna athfhillteacha (recurrent) nó atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiteiripe.

Dúirt an Dr Darren Cowzer, Oncolaí Leighis Comhairleach in Ospidéal Ollscoile an Mater, gur céim shuntasach chun cinn é tabhairt isteach na mbithchomharthaí sóirt (biomarkers).

‘Ciallaíonn rochtain níos luaithe ar thástáil áitiúil ardchaighdeáin gur féidir le níos mó othar leas a bhaint as teiripí spriocdhírithe agus atá ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh feabhas suntasach a chur ar mharthanas agus ar cháilíocht na beatha,’ a dúirt sé.

Tá €20 milliún infheistithe ag Líonra Príobháideach an Mater le cúig bliana anuas chun seirbhísí ailse a fheabhsú ar fud a líonra ospidéil, agus deir sé go léiríonn an t-uasghrádú is déanaí seo a thiomantas leanúnach don nuálaíocht agus don sármhaitheas chliniciúil agus go dtugann sé rochtain níos tapúla ar chúram d’othair.

Deir an t-ospidéal gur toradh ar thiomantas agus saineolas a bhfoirne paiteolaíochta, oinceolaíocht (oncology) agus saotharlainne atá an dul chun cinn, a chinntíonn a gcuid oibre gur féidir le hothair ar fud na hÉireann leas a bhaint as diagnóisic ardleibhéil, atá ar fáil gar don bhaile.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram