Tá na siosúir amach! Síorstíl ar ais ar TG4

08/01/2026

Cosúil le Great British Bake Off leis na ‘leftovers’ nó Dancing with the Stars i mbuataisí báistí, tá Síorstíl ar ais! An clár dúshláin teilifíse a léiríonn nach bhfuil baint ar bith ag stíl agus tallann leis an méid airgid atá le caitheamh agat

Déan dearmad ar ‘Damhsa leis na Réaltaí’, baineann an t-aicsean ar fad ar TG4 le ‘Fuáil leis na Faisinistas’.

Tá Síorstíl ag teacht ar ais don dara sraith, sé sin an comórtas faisin a thugann dúshlán do dhearthóirí éadaí óga rud éigin galánta agus tarraingteach a chruthú as seanéadaí.

Ar Síorstíl: Sinéad Ní Uallacháin (Láithreoir) Póilín Nic Géidigh (Aoi moltóir), Ãndría Uí Thaidhg (Moltóir) & Deirdre Allen (Moltóir)
Ar Síorstíl: Sinéad Ní Uallacháin (Láithreoir) Póilín Nic Géidigh (Aoi moltóir), Ãndría Uí Thaidhg (Moltóir) & Deirdre Allen (Moltóir)

Agus mura n-éiríonn leo é a dhéanamh i gceart, beidh na moltóirí Deirdre Allen agus Ándría Uí Thaidhg ann chun a insint dóibh –  agus dúinne freisin –  an chaoi a rinne siad praiseach de!

Bí ag súil le níos mó den teannas ardluais, den drámaíocht agus de na ráigeanna mothúchán, agus na seachtar iomaitheoirí óga nua ag tabhairt aghaidh ar a chéile, bhrú an chloig agus na moltóirí diana ar Síorstíl.

Is í an láithreoir Sinéad Ní Uallacháin an t-aon duine amháin a bheidh i láthair chun iarracht a dhéanamh na daoine óga seo a chur ar a suaimhneas.

Le bheith cóir leis na hiomaitheoirí, tá Síorstíl cosúil le leagan dearadh-éadaí de The Great British Bake Off, ach le fuílleach (leftovers) an deireadh seachtaine seo caite.

D’fhéadfadh an dearthóir cáiliúil Éireannach Jonathan Anderson – stiúrthóir cruthaitheach Dior – cúpla leid a ghlacadh chun a gcuid praghsanna a laghdú.

Cian Ó Gríofa (Aoi Moltóir)
Cian Ó Gríofa (Aoi Moltóir)

Mar sin féin ní hamháin faisean atá i gceist le Síorstíl, ná fiú faisean ar phraghsanna is féidir linn go léir a íoc. Tá i bhfad níos mó i gceist.

Is é an smaoineamh atá taobh thiar de Síorstíl ná sinn a chur ag athmhachnamh ar ár gcur chuige i leith na faisin i saol nua-aimseartha.

Póilín Nic Géidigh (aoi Moltóir)
Póilín Nic Géidigh (aoi Moltóir)

Glacfaidh na hiomaitheoirí le dúshláin dearaidh éagsúla i ngach clár a dhéanfaidh tástáil ar a gcuid scileanna in inbhuanaitheacht, nuálaíocht agus stíl.

Bronnfar an duais mhór ar an dearthóir is fearr a léiríonn cumhacht chlaochlaitheach rudaí a athúsáid agus ag an am céanna an tallann chruthaitheach atá riachtanach chun éadaí ard-faisin a chruthú.

Beidh aoi-mholtóir i ngach eipeasóid freisin, in éineacht leis an ngnáthphainéal breithiúna. Ina measc seo tá daoine cáiliúla ar nós Eimear O’Reilly, Póilín Nic Géidigh, Virtue Shine, Don O’Neill, Cian Ó Gríofa, agus Ríon Hannora.

Ríon Hannora ( Aoi Moltóir)
Ríon Hannora ( Aoi Moltóir)

Tosóidh an chéad eipeasóid den tsraith, atá le craoladh ar an 14 Eanáir, le dúshlán dána ina mbeidh ar na dearthóirí éadaí ‘Is Mise’ an-fhaiseanta a chruthú, ag baint úsáide as na héadaí athláimhe agus athchúrsáilte a thugtar dóibh.

Cuirfidh an tasc seo ar chumas na n-iomaitheoirí a stíl phearsanta féin a léiriú ón tús.

Sinéad Ní Uallacháin (Láithreoir)
Sinéad Ní Uallacháin (Láithreoir)

As sin, tabharfaidh na hiomaitheoirí faoi dhúshláin nua gach seachtain ina gcuirfear tástáil ar a gcumas an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh as ábhair a bhíonn in úsáid againn gach lá a athshamhlú.

Ó fheistis a d’fheilfeadh do Bhród go dtí feistis a bheadh feiliúnach d’fhéile mhór Afracach, níl deireadh ar bith leis na deiseanna.

  • Síorstíl, TG4, Dé Céadaoin, 14 Eanáir, 8.30pm

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram