Ar TG4 Anocht: Le gailearaí pictiúr: CLG sna 70di ar TG4: ‘Bhí fear ag siúl ar an ngealach sula raibh mná ag imirth peil i bPáirc an Chrócaigh’

18/12/2025

Insíonn sraith TG4 faoin CLG sna 1970idí scéal na hÉireann ag fás aníos, agus na gcathanna móra i bPáirc an Chrócaigh agus in áiteanna eile, trí shúile imreoirí móra na linne.

Is dócha gurb iad na focail ‘Heffo’ agus ‘Micko’ is mó a úsáidtear i gcuimhní cinn peile CLG na 1970idí.

Déantar scrúdú géar ar sin i gclár faisnéise, GAA 70s – Réabhlóid Shóisialta, nua ar TG4 ach féachann an clár freisin ar an tsochaí agus ar an gcaoi a raibh sí ag athrú.

Bhí blas na Seascaidí faighte ag tír choimeádach agus bhí níos mó de sin ag teastáil ó go leor daoine.

Screenshot 2025 12 16 102722

Mar shampla, tarraingítear aird sa scannán seo ar chéad Chluiche Ceannais cinniúnach Uile-Éireann na mBan in 1974, mar aon le comhthéacs ríthábhachtach a thabhairt ar theacht chun cinn spórt na mban in Éirinn.

Mar sin féin deir an staraí Paul Rouse: ’Bhí fear ag siúl ar an ngealach sula raibh cead faighte ag na mná peil a imirt i bPáirc an Chrócaigh.’

Ag caint faoin ré sin deir laoch an CLG David Hickey as Baile Átha Cliath: ‘Ba í foireann na Gaillimhe sin ó na 1970í an fhoireann ab fhearr riamh is dóigh nár éirigh leo Cluiche Ceannais na hÉireann a thabhairt leo.’

B’fhéidir nach n-aontódh lucht leanúna Mhaigh Eo a bhí i gcluichí ceannais peile le déanaí i bPáirc an Chrócaigh.

Ach le bheith cothrom do mhuintir an CLG , ba thréimhse speisialta í, agus mar a deir Tommy Joe Gilmore as Gaillimh: ‘Éacht ollmhór a bhí i gceapachán Kevin Heffernan.’

Mar sin féin ba é Ciarraí an fhoireann mór eile an ama agus deir Jimmy Deenihan: ’Bhí Heffo ag ardú an chaighdeáin agus bhí Ciarraí ag freagairt.’
D’aontaigh Pat Spillane as Ciarraí le sin. Deir sé: ‘Tháinig Micko isteach agus léimeamar ar an gcairpéad draíochta in éineacht leis agus thug sé ar thuras draíochta sinn.’

Ach bhí i bhfad níos mó i gceist ná an bheirt laoch sin.

Ba chluiche difriúil é an pheil CLG an uair sin. Is fíor an rud é a rá nach bhfeicfimid a leithéid arís – agus tá sé sin fíor ar go leor bealaí:  mar shampla, tharla rudaí ar pháirc an pheil an uair sin nach gceadófaí inniu.

Laochra an CLG Baile Átha Cliath 1976 
Laochra an CLG Baile Átha Cliath 1976 

Déantar cur síos ar spiorad ceann de na réanna is iontaí i bpeil Ghaelach agus i sochaí na hÉireann, le tuairimí ó go leor de na daoine a bhfuil creidiúint acu as na 70idí sa pheil a mhúnlú.

Sa chlár tiocfaidh roinnt de na peileadóirí ab fhearr riamh ó Bhaile Átha Cliath, Ghaillimh agus Chiarraí le chéile arís i ndathanna a gcontae féin chun machnamh a dhéanamh ar a gcairdeas, ar an gcoimhlint agus ar an aistear go Páirc an Chrócaigh.

 Áirítear ann agallaimh leis na bpeileadóirí cáiliúla a mhachnaíonn ar an ré a mhúnlaigh CLG an lae inniu, chomh maith le píosaí scannáin cartlainne, athchruthaithe agus chuimhneacháin shuntasacha ó chluichí.

Mar sin féin, tá níos mó ná sin ar siúl. Mar a deir an t-iriseoir spóirt Roy Curtis: ‘Ní réabhlóid chultúir amháin a bhí i gceist; ba réabhlóid shocheolaíoch a bhí i gceist freisin.’

Tugann an clár comhthéacs do theacht chun cinn Pheil na nGael ag am nuair a bhí athrú sóisialta níos leithne ag tarlú in Éirinn.

Trína bpeirspictíochtaí féin, meabhróidh na rannpháirtithe an tionchar a bhí ag an tréimhse seo d’athrú cultúrtha agus sóisialta ar an spórt agus ar an tír.

Paudie O'Shea, Pat Spillane, Mickey Ned O'Sullivan agus Ogie Moran as Ciaaraí. Pc: Limeriack Leader
Paudie O’Shea, Pat Spillane, Mickey Ned O’Sullivan agus Ogie Moran as Ciaaraí. Pc: Limeriack Leader

Ach is iad cuimhní cinn na bhfear spóirt is mó atá i réim sa chlár faisnéise suimiúil seo. Agus dóibh siúd againn a chuimhníonn ar na hamanna sin tá rud amháin a sheasann amach.

Críochnaíonn an clár faisnéise faoin CLG leis an gcoimhlint spreagúil idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí a bhfuil ‘an-tóir go deo uirthi,’ a dhéanann ceiliúradh ar an iubhaile órga agus a thugann ómós ag an am céanna do chomrádaithe nach bhfuil linn níos mó.

Ach deir Kevin Moran, iar-Imreoir le foireann idirnáisiúnta sacair na hÉireann agus le foireann peile Bhaile Átha Cliath: ’Creid uaimse é ní raibh aon ghean acu ar a chéile ar an bpáirc…ní raibh mórán muintearais ach an oiread.’

Cé hiad bainisteoirí an lae inniu a mbeidh cuimhne againn orthu i gceann 50 bliain?
An mhí seo chugainn, cuirfear tús leis an tsraith le dúshlán idir duine de na bainisteoirí is mó lenár linn, Jim McGuinness as Dún na nGall, i gcoinne na tallainne atá ag teacht chun cinn, Ger Brennan as Baile Átha Cliath.

          Gaillimh 1974
          Gaillimh 1974           

Mar sin féin, beidh Jack O’Connor i gcuimhne gach duine.Tagann agus imíonn foirne – beidh Ciarraí ann  go deo.

  • GAA 70’s – Réabhlóid Shóisialta: Deich mBliana d’Athrú ó Bhonn agus d’Athrú Sóisialta faoi chaibidil i gClár Faisnéise Nua ar TG4
  • Tá dhá leagan den chlár ann: Taispeánfar den chéad uair é ag 7:45pm Dé Luain, 22 Nollaig, le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) agus Tráchtaireacht Fuaime ar TG4 agus ar fud an domhain ar TG4.ie
  • Taispeánfar den chéad uair é ag 9pm, Dé Máirt, 30 Nollaig, le Fotheidil Bhéarla agus Tráchtaireacht Fuaime ar TG4 agus ar fud an domhain ar TG4.ie

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram