

Beidh dhá thír ina bhfuil homaighnéasacht mídhleathach páirteach i ‘gCluiche Bróid’ tiomnaithe ag an Chorn Dhomhanda.
Tá an cluiche bróid i Seattle ar an 26 Meitheamh deimhnithe – agus beidh an Éigipt i gcoinne na hIaráine, dhá náisiún a bhfuil dlíthe láidre frith-LADTA+ acu, páirteach ann.
Beidh cluiche Grúpa G ar siúl ag Lumen Field le linn deireadh seachtaine Bróid Seattle.

Mar sin féin, creideann daoine áirithe go bhféadfadh an cluiche a bheith tairbheach, ós rud é go mbeidh lucht leanúna aeracha ó gach tír in ann freastal, a ngnéasacht a cheiliúradh agus gan a bheith ionchúisithe as sin a dhéanamh.
D’fhéadfadh fadhbanna a bheith mar thoradh ar an gcás seo do FIFA, eagraíocht a ghlac le brú roimhe seo maidir le tacaíocht ó imreoirí don phobal LADTA+.
Sa dá thír, tá caidrimh chomhghnéis coiriúil. Tá an pionós báis i measc na bpionós san Iaráin, agus san Éigipt tá an pobal LADTA+ os comhair bearta dianteannta (crackdowns) agus gabhála arís agus arís eile, de réir grúpaí éagsúla um chearta an duine.
Léirigh Coiste Comhairleach Chluiche Bróid Seattle (Seattle Pride Match Advisory Committee, PMAC) go leanfaidís ar aghaidh lena bpleananna don chluiche.
I ráiteas, dúirt siad: ‘Is léiriú é seo ar thiomantas Seattle agus Stát Washington chun timpeallacht fháilteach agus cuimsitheach a chruthú ina mbaineann gach duine leis an bpobal — imreoirí, lucht leanúna, cónaitheoirí agus cuairteoirí araon.
‘Tá cumhacht uathúil ag an sacar chun daoine a aontú trasna teorainneacha, cultúr agus creideamh.

‘Is mór an onóir dúinn Cluiche Bróid a óstáil agus Bród a cheiliúradh mar chuid de phobal peile domhanda.
‘Léiríonn an cluiche seo ár dtiomantas leanúnach do mheas, dínit agus aontacht do chách.’
Áirítear ar an gcoiste Eric Wahl, deartháir an iriseora nach maireann Grant, a fuair bás go tragóideach agus é ag clúdach an Corn Domhanda deireanach i gCatar.
Ar na meáin shóisialta, chuir Wahl an pointe in iúl go bhféadfadh sé a bheith ina ‘rud maith’ go mbeadh an Éigipt agus an Iaráin san áireamh.
‘Tá daoine LADTA+ i ngach áit,’ a dúirt sé. ‘Tá fáilte roimh chách a bheith iad féin i Seattle.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.