Tá TG4 agus Údarás na Gaeltachta ag neartú earnáil na meán teilifíse neamhspleách

Bíonn TG4 chun tosaigh i bhforbairt straitéisí nua sna meáin agus anois tá siad i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta chun borradh a chur faoi na meáin chumarsáide Gaeilge.

Tá dul chun cinn ar leith déanta ag TG4 agus tá sé sin léirithe i dtuarascáil nua ó Choimisiún na Meán, de réir tuairisciú sna meáin.

Ach ar aon nós, tá an dul chun cinn le feiceáil i straitéis nua lena mbaineann an craoltóir Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

Leis an chomhpháirtíocht is déanaí, a sheoladh Dé Céadaoin, déanfaidh an dá eagraíocht infheistíocht ar fiú os cionn €1.2 milliún í in aghaidh na bliana, idir seo agus deireadh 2028.

Ag seoladh na comhpháirtíochta straitísí nua idir TG4 agus Údarás na Gaeltachta bhí Cathaoirleach TG4, Anna Ní Ghallchóir, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Siobhán Ní Ghadhra, Ceannasaí TG4, Deirdre Nic Choistín agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin
Ag seoladh na comhpháirtíochta straitísí nua idir TG4 agus Údarás na Gaeltachta bhí Cathaoirleach TG4, Anna Ní Ghallchóir, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Siobhán Ní Ghadhra, Ceannasaí TG4, Deirdre Nic Choistín agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin

Tá sé seo chun oiliúint a chur ar dhaoine in earnáil na léiriúchán neamhspleách agus chun an earnáil sin a fhorbairt.

Gné ar leith den togra seo is ea go mbeidh clár oiliúna ar leith le forbairt a bheidh dírithe ar na hIar-bhunscoileanna Gaeltachta. 

Beidh sé mar aidhm ag an gclár eolas a roinnt le daltaí dara leibhéal faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil san earnáil agus cuidiú leo tuiscint a fháil ar na gairmeacha beatha éagsúla a bheadh ar fáil dóibh in earnáil na cruthaitheachta.

Tuairiscíodh an tseachtain seo freisin, gur mhol  Coimisiún na Meán an craoltóir Gaeilge as a bheith ‘oiriúnaithe go héifeachtach le seirbhísí óige agus digiteacha leathnaithe’.

Mar chuid den infheistíocht atá Údarás na Gaeltachta agus TG4 ag cur ar fáil, cuirfear cláir forbartha agus oiliúna straitéisí ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh a ngairm sna meáin a fhorbairt  agus do chomhlachtaí atá ag cur ábhar cruthaitheach ar fáil in earnáil na meán.  Cuirfidh an togra le scileanna, cáilíochtaí agus le cumas iomaíochta na gcomhlachtaí.

Ceapfar Bainisteoir Cláir chun an togra agus na cláir oiliúna agus forbartha a riar i gcomhar le lucht bainistíocht Údarás na Gaeltachta agus TG4. 

Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: ‘Díreoidh an maoiniú breise seo ar bheartais chun tallann chruthaitheach na Gaeilge a chumasú, ar an gcéad ghlúin eile agus ar dheiseanna forbartha do chomhlachtaí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge.’ 

Agus dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: ‘Déanfaidh sé seo iomlánú ar acmhainn na Gaeilge mar bhunábhar forbartha na hearnála, ábhar a bheidh léirithe trí chláir agus ábhar digiteach eile a sholáthar d’earnáil agus margaí na meán físe, pé acu ar an teilifís, mar scannáin, ar an idirlíon nó trí na meáin dhigiteacha.’

Tá fáilte curtha roimh an bhforbairt seo agus tá gá léi cinnte chun seirbhísí meán a sholáthar don líon méadaitheach úsáideoirí Gaeilge, ach tá géarchéim infheistíochta ann fós don teanga.

Méadóidh an Rialtas tacaíocht do RTÉ go €240 milliún an bhliain seo chugainn agus go €260 milliún an bhliain dár gcionn.

Mar sin féin, ní thabharfar ach €65.4 milliún do TG4 an bhliain seo chugainn. I gcodarsnacht leis seo, faigheann an cainéal Breatnaise, S4C, níos mó ná €100 milliún ó rialtas na Breataine.

Ach, mar a léiríonn tuarascáil Choimisiún na Meán, chaith an craoltóir Gaeilge an méid beag infheistíochta a cuireadh ar fáil dó go ciallmhar agus bhí siad chun tosaigh ar RTÉ ag tabhairt isteach seirbhísí digiteacha agus ag sainaithint lucht féachana óg.

Mar shampla, chuir TG4 agus Údarás na Gaeltachta tús le scéim phíolótach Taithí Oibre agus Oiliúna i 2019 agus bhí an scéim sin ar bun go dtí 2025.  Tá an comhfhiontar nua ag tarraingt ar an taithí a saothraíodh le linn ré feidhme na scéime sin.   

Bhí an scéim sin dírithe ar thacú le comhlachtaí Gaeltachta  agus Gaeilge agus é mar chuspóir aici tallann nua a chothú, scileanna a fhorbairt agus taithí oibre phraiticiúil a chur ar fáil do dhaoine a bhí ag tosú amach san earnáil chlosamhairc agus meán digiteach na Gaeilge.

Tháinig an chomhpháirtíocht nua seo chun cinn mar thoradh ar thaighde chuimsitheach a raibh an craoltóir Gaeilge agus an tÚdarás ina bhun le blianta beaga anuas. 

TG4logo 2

Mar chuid den taighde sin, chuathas i gcomhar le comhlachtaí, le fiontraithe agus leis na heagrais forbartha stáit atá lárnach i bhforbairt na hearnála closamhairc. 

Léirigh torthaí an taighde go bhfuil tuilleadh infheistíochta ag teastáil chun borradh a chur faoi thraenáil agus faoi fhorbairt in earnáil na Meán Ghaeilge agus sna comhlachtaí léiriúcháin, mar aon le comhordú níos fearr a chinntiú idir na páirtithe leasmhara ar fad atá ag feidhmiú san earnáil. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram