

Bhí Céad-Aire na hAlban John Swinney in Éirinn an tseachtain seo caite chun naisc níos dlúithe a fhorbairt idir Éire agus Albain.
Agus cé gur eachtra stairiúil a bhí ann, mar gurbh é Swinney an chéad cheann rialtais eachtrach a thug cuairt ar an Uachtarán Catherine Connolly, bhí roinnt imeachtaí níos suntasaí ag tarlú.

Ghlac an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary agus an Leas-Chéad-Aire Albanach Kate Forbes páirt i gcomhpháirtíocht nua chun borradh a chur faoi chomhoibriú ar fhás an gheilleagair, forbairt an phobail agus caomhnú an chultúir i limistéir Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban.
Agus dúirt an tAire Calleary: ‘Ag tógáil ar na dlúthnaisc stairiúla idir Éire agus Albain, is ionann síniú an chomhaontaithe seo agus neartú breise ar chaidreamh an dá náisiún.’ Síníodh meabhrán tuisceana (memorandum of understanding) idir Iomairt na Gàidhealtachd ’s nan Eilean (sé sin ‘Fiontair na Gaeltachta agus na nOileán’ nó an HIE in Albain) agus Údarás na Gaeltachta.
Go bunúsach, is iad beirt an dá chomhlacht forbartha a bhfuil an cúram orthu tacaíocht eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha a thabhairt do cheantair Ghaeltachta agus Gàidhlig. agus tá siad tar éis comhaontú tacú a dhéanamh lena chéile.

Is é an aidhm don chomhaontú seo comhoibriú a neartú i bpríomhréimsí amhail an intleacht shaorga, an tithíocht, an turasóireacht, an fhorbairt teanga agus an fuinneamh in-athnuaite chun tacú le fás leanúnach na Gàidhlig ar fud na hAlban.
Agus chun tacú le fás na Gàidhlig, tá €6.5 milliún sa bhreis á gcur ar fáil ag Rialtas na hAlban i mbliana do thionscnaimh a bhaineann leis an teanga.
Dúirt an Leas-Chéad-Aire Kate Forbes: ‘Beidh an comhaontú seo ina chabhair ag pobail thraidisiúnta an dá theanga chun foghlaim óna chéile agus bearta nua a chur chun tosaigh ar mhaithe lena mbláthú féin.
‘Bíonn pobail níos saibhre de bharr na Gàidhlig, a bhfuil ról lárnach aici inár gcuid staire, oidhreachta agus cultúir.’
Cé go raibh Aire na Gaeltacht agus an Leas-Chéad-Aire ag obair le chéile ó chian, in Éirinn agus in Albain, ag an am céanna bhí an tAire Stáit Neale Richmond i láthair chun fáilte a chur roimh an Chéad-Aire Swinney, atá mar cheannaire an SNP freisin.
Dúirt an tAire Richmon go bhfuil deis ann caidreamh níos ‘saibhre’ a fhorbairt idir Éire agus Albain.

Dúirt sé go bhfuil earnáil an fhuinnimh, institiúidí tríú leibhéal agus seirbhísí airgeadais i measc na réimsí comhoibrithe.
Dúirt sé freisin: ‘Is í Éire an cúigiú sprioc allmhairí is mó ag Albain faoi láthair. Tá breis agus 300 cuideachta de chuid Fiontraíocht Éireann ag easpórtáil go hAlbain anois, agus táimid ag oscailt oifig nua i nGlaschú.
‘Ach cosúil le gach caidreamh, níor cheart dúinn fanacht ina stad. Tá deis ollmhór ann caidreamh níos saibhre fós a chothú.’
Dúirt Swinney gur labhair sé cheana féin faoin ‘meascán órga’ atá ag Éirinn – neamhspleáchas agus ballraíocht san Aontas Eorpach. ‘Tá meas agam ar thuras na hÉireann, agus ba mhaith liom go mbeadh Albain ina tír neamhspleách,’ a dúirt sé.

Tar éis síniú an mheabhráin tuisceana dúirt stiúrthóir an Iomairt na Gàidhealtachd ’s nan Eilean um oibríochtaí ceantair Joanna Peteranna: ‘Agus muid ag aithint thábhacht na Gàidhlige d’fhéiniúlacht agus do shaol laethúil ár réigiúin, táimid tiomanta dá caomhnú agus dá cur chun cinn.
‘Láidríonn an chomhpháirtíocht seo ár gcomhdhúthracht i leith na forbartha réigiúnaí, a mbeidh deiseanna nua á gcur ar fáil.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.