Bhí Irish Wish ag Emma … agus anois is réalta í mar Lindsay Lohan

Labhair Emma Ní Choisdealbha atá i ról Natasha Derrane i Ros na Rún ar TG4 le hAoife Ní Bhraoin faoina saol drámatúil

Tá Emma Ní Choisdealbha ar cheann de na réaltaí óga Ros na Rún, agus is cinnte go bhfuil impriseaniontach déanta aici ar an scáileán beag. Tá a carachtar, Natasha Derrane, tiomáinte, láidir agus neamhspleách. Agus tá na cáilíochtaí céanna ag Emma.

Labhair sí liom faoina haistear aisteoireachta, a scéalínte Ros na Rún, agus an taithí a bhí aici ag obair ar an scannán Netflix, An Irish Wish.

 Emma Ní Choisdealbha
Emma Ní Choisdealbha

‘Ó yeah ba bhreá liom a bheith ar Ros na Rún ag pointe éigin,’ a dúirt Emma agus í ag féachaint siar ar a hóige ag féachaint ar Ros na Rún lena clann.

‘Bhí mé ag breathnú air uair amháin le mo dhaid, agus mé níos óige, agus chas mé timpeall agus dúirt mé: “Sin é! Tá mise chun é sin a dhéanamh mar shlí bheatha.”’

Dúirt sí: ‘Bhí mé i gcónaí ag breathnú air. Chaith mé go leor ama le mo mhuintir agus bheadh siad sin gafa leis an tsraith freisin. Ach, níor thuig mé go raibh Ros na Rún cúig  nóiméad síos an bóthar uainn.’

Haigh! Cé atá i gceannas anseo?
Haigh! Cé atá i gceannas anseo?

Ar ndóigh, bheadh ​​réaltaí na sraithe sa cheantar, agus níor thuig sí riamh cén fáth.

‘Bheadh tú sa siopa agus d’fheicfeá duine éigin agus bheadh ​​tú ag smaoineamh: “Céard atá siadsan ag déanamh thart anseo?”’

Nuair a rith sé sin le hEmma, cheap sí go mbeadh seans aici dul ar an gclár.

Mar sin bhí a fhios aici ó aois óg go raibh sí chun dul sa treo saol na haisteoireachta. D’oscail Ros na Rún a chuid shúile ar an méid deiseanna a bhí mórthimpeall uirthi.

Agus tá sé soiléir freisin go raibh a tuismitheoirí ag iarraidh tacú lena haisling.

Tá a carachtar, Natasha Derrane, tiomáinte, láidir agus neamhspleách
Tá a carachtar, Natasha Derrane, tiomáinte, láidir agus neamhspleách

‘Chuir mo mháthair chuig scoil aisteoireachta áitiúil mé. Bhí mé gafa. Bhí mé ag iarraidh é a dhéanamh,’ a dúirt si.

Bhí sí chomh tiomáinte sin go rinne sí cúrsaí samhradh leis an Gaiety School of Acting, agus scoil Lee Strasbourg.

Chuir a leibhéal diongbháilteachta iontas orm, mar deirimid linn féin mar dhaoine Éireannacha céimeanna siar a thógáil. Ní dhearna Emma é sin, agus tá a lán meas agamsa uirthi mar gheall ar sin.

Nuair a bhíomar ag labhairt, luaigh Emma go ndearna sí cúrsa ghnó mar phlean cúltaca.

Screenshot 2025 11 20 111216

‘Is gamble í an t-aisteoireacht níl a fhios agat. D’fhéadfá a bheith ag obair ar feadh dhá bhliain, agus ansin, níl tú ag obair ar feadh sé mhí. Rinne mé Máistreacht chomh maith,’ a dúirt sí.

Bhí go leor aisteoireachta déanta sular tháinig Ros na Rún. Bhí gliondar uirthi caint liom faoin bpáirt a bhí aici in An Irish Wish, an scannán Netflix le Lindsay Lohan.

‘Bhí an lá féin craiceáilte. Ní raibh mórán ar eolas againn faoi. Ach, fuair muid ríomhphost an lá roimhe. Bhí muid chun dul go dtí an áit (Aerfort Iarthar Éireann Chnoc Mhuire), agus an chraic seo,’ a dúirt sí.

Screenshot 2025 11 20 111032

‘Bhí a fhios agam gurb í Lindsay Lohan an príomhcharachtar ach ní raibh aon charachtar eile luaite. Ach is é Eragon ceann de na scannáin ab fhearr liom agus mé ag fás aníos. Mar sin nuair a chonaic mé Ed Speelers ar an seit, bhí mé ag smaoineamh, cad atá ag tarlú anseo?’

Anois, tá bean bhródúil Indreabhán an-sásta a bheith ina haisteoir ag obair ina ceantar áitiúil. Tá saol iomlán na scannán agus na teilifíse roimpi.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram