

Is rud scanrúil é smaoineamh go bhféadfadh na daoine a bhfuil grá acu duit tú a adhlacadh trí dhearmad agus tú fós beo (nó b’fhéidir nach mbeadh sé trí dhearmad mura mbeadh grá acu duit i ndáiríre).
Fós féin, tá sé chomh scanrúil sin go bhfuil focal ag roinnt teangacha dó. Is é ‘Taphophobia’ an focal atá ann i mBéarla
Ní eispéireas scanrúil é sin a d’fhulaing an tÉireannach Mick Meaney riamh.
Shocraigh sé é féin a adhlacadh beo ar feadh 61 lá agus inseofar a scéal ait i gclár faisnéise nua suimiúil a bheidh ag teacht ar TG4 go luath.

Sa chlár faisnéise, Beo faoin bhFód arna choimisiúnú agus arna mhaoiniú ag TG4 agus ag Coimisiún na Meán, feictear Mick ag chuir é féin faoin bhfód agus é ina bheatha agus é ag iarraidh clú agus cáil a bhaint amach..
Taispeánadh an scannán den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, agus taispeánadh ag an IFI Documentary Festival agus ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Chiarraí é chomh maith.
Cuireadh Mick Meaney faoin bhfód i Londain i gcónra shimplí adhmaid in 1968. Tháinig na céadta ag an adhlacadh chun Mick a cheiliúradh. Ach, mar a dúirt mé, ní raibh Mick básaithe.
Bhí sé ag glacadh páirt i gcomórtas féachaint leis an gcuriarracht dhomhanda don ‘Am is Faide ag Duine Beo faoin bhFód’ a shárú.

Níorbh é Mick an chéad duine a thriail an churiarracht seo a bhaint amach áfach, creid é nó ná creid. Tosaíonn an scéal in California sna 1920idí agus críochnaíonn sé le bean rialta as an Ísiltír agus í curtha faoin bhfód i bpáirc aonaigh in Skegness.
Trí úsáid a bhaint as ábhar cartlainne, beochana agus agallaimh le daoine a raibh aithne phearsanta acu ar Mick, tugtar an scéal seo chun beatha trí shúile a iníne ceanúla, atá ag streachailt le hoidhreacht aisteach a hathar.
Is léargas é Beo faoin bhFód ar eachtra aisteach atá dearmadta den chuid is mó. Ach tá níos mó ná scéal stairiúil spéisiúil i gceist.

Is faoin gcaidreamh a bhíonn idir athair agus iníon é agus faoi chomh mór is a bhíonn daoine ag iarraidh go bhfanfaidh siad i gcuimhne na ndaoine.
Tá mothúcháin láidre, nach rabhthas ag súil leo ar chor ar bith, le brath sa gclár mar gheall ar an agallamh a rinne Mary Meaney.
Déanfar nasc freisin sa scéal seo le pobail Éireannacha a bhí ag obair i Londain sna 60idí agus sna 70idí, chomh maith le daoine as Baile Mhistéala agus an Cóbh, áit a bhfuil Mick agus Tim Hayes coinnithe i gcuimhne.

Mar sin féin, is scéal brónach é freisin. A story of caimiléireacht
Beo faoin bhFód , TG4 Dé Céadaoin, 26 Samhain, 9.30pm.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.