

Tá sonraí nua tar éis léiriú go bhfuil borradh mór tagtha ar Airbnb sna ceantair Ghaeltachta ar fud na hÉireann, rud atá ag spreagadh rabhadh úr faoi thionchar an fhorbairt seo ar chúrsaí tithíochta, ar phobail agus ar an nGaeilge féin.
Taispeánann na figiúirí, a roinneadh le Conradh na Gaeilge agus CATU (Aontas na dTionóntaí), go bhfuil méadú 88.1% tagtha ar líon na dteach iomlána atá liostaithe ar Airbnb sa Ghaeltacht idir Bealtaine 2019 agus Meán Fómhair 2025.

I gcomparáid leis sin, ní raibh ach méadú 47.9% ar an leibhéal náisiúnta sa tréimhse chéanna, rud a léiríonn go bhfuil na ceantair Ghaeltachta buailte níos troime.
De réir anailíse Inside Airbnb, atá briste síos de réir Limistéir Pleanála Teanga na Gaeltachta, tá méadú tagtha ar líon na dtithe iomlána atá ar fáil ar an ardán i 25 as 26 limistéar.
I gcásanna áirithe, tá líon na dtithe gearrthréimhseacha níos mó ná líon na dtithe príobháideacha atá ar cíos go fadtéarmach: i gcúig limistéar Gaeltachta, tá níos mó tithe iomlána ar Airbnb ná mar atá ar cíos de réir sonraí Dhaonáireamh 2022.
Tá 217 teach iomlán ag na cúig óstach Airbnb is mó sa Ghaeltacht, agus i Limistéir Phleanála Teanga Chiarraí, tá níos mó ná 16% de na tithe príobháideacha ar fáil ar Airbnb.
Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge: ‘Cuireann na sonraí seo bonn staidrimh faoin méid atá feicthe againn ar an talamh; tá an Ghaeltacht á cur faoi bhrú ag tionchar Airbnb.

‘Tá tráchtálú i gcroílár polasaí tithíochta an rialtais le blianta fada, agus tá inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ag fulaingt dá bharr… Caithfear rialáil cheart a chur ar ligean gearrthréimhseach gan mhoill, agus caithfear foráil ar leith a dhéanamh don Ghaeltacht.’
Dúirt Paul D’eath ó choiste CATU na Gaillimhe: ‘Tá na figiúirí géara seo ag léiriú go díreach an méid a chloiseann agus a fheiceann CATU Gaillimh óna mbaill go minic.
‘Sheolamar ár bhfeachtas ‘Homes Not Holiday Lets’ go luath i 2025 chun aird a tharraingt ar an gceist seo agus brú a chur ar na húdaráis áitiúla gníomhú go dáiríre.’
Tá an dá ghrúpa ag éileamh go ndéanfaí rialacha ligean gearrthréimhseach a fhorfheidhmiú níos láidre, go gcuirfí teorainn ar chineálacha Airbnb, agus go ndéanfaí cosaint ar leith do phobail na Gaeltachta.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.