

‘Athraíonn an dinimic go mór le bás mar seo. Athraíonn gach rud,’ a deir Bláthnaid Ní Chofaigh.
Tá sí ag caint faoi chailliúint a deirféar Bríd, a fuair bás ó ailse ceirbheacs i mí Eanáir, rud a chuir an teaghlach faoi bhrón domhain.

Ba í Bríd an duine ba’óige sa chlann, agus tháinig sí ar an saol nuair a bhí a máthair sna daichidí, rud a chiallaigh go raibh a hóige rud beag difriúil óna deirfiúracha agus deartháireacha.
D’fhan sí gar don bhaile, cé gur duine an-shóisialta a bhí inti, dar le Bláthnaid.
Diagnóisíodh Bríd den chéad uair le linn buaic na paindéime, ach cé go raibh imní orthu agus an domhan trí chéile, lean siad ar aghaidh mar nach raibh an galar i gcéim marfach fós
‘Ní raibh Bríd ach tinn,’ a deir sí.
Ag breathnú siar anois, tá Bláthnaid faoi gheasa ag misneach a deirféar, a thug aghaidh ar an ngalar gan mórán tacaíochta a lorg óna muintir.
‘Bhí sí ag fanacht sa seomra sin ó mhaidin go hoíche gan glaoch a chur agus a rá: “Tá eagla orm?” Bhí sí ag déanamh a slí féin. Ní bheadh mise in ann, bheinn ag caoineadh i gcónaí,’ a dúirt sí leis an Irish Times Magazine.

Tháinig scéal níos measa nuair a fuair an teaghlach amach go raibh an ailse scaipthe go nóid limfe Bríd, ach dhiúltaigh Bríd géilleadh don ghalar.
D’éiligh sí dul ar laethanta saoire lena teaghlach agus cairde, cé go raibh sí an-tinn agus ag streachailt le siúl.
Ar Oíche Chinn Bhliana, agus an teaghlach ag déanamh sláinte don bhliain 2025, bhí Bríd tinn tar éis oíche a raibh sí ‘ag baint an-taitneamh aisti’.
Thóg Bláthnaid í go dtí Ospidéal an Beacon.
‘Níor tháinig sí abhaile arís,’ a deir Bláthnaid. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, agus gan i bhfad fágtha san ospidéal aici, fuair Bláthnaid glaoch ag 5am ag rá go raibh Bríd i ndeacracht mhór – agus d’imigh sí ar shlí na fírinne cúpla uair ina dhiaidh sin.
Míonna ina dhiaidh sin, deir Bláthnaid go n-éiríonn sí fós uaireanta ag 5am. Tá sí tar éis a doras a oscailt don bhrón, chun mná a spreagadh gan neamhaird a dhéanamh ar thábhacht na tástálacha smear rialta.

Creideann sí freisin nach mbíonn mórán cainte ar chailliúint deirféar nó dearthár fásta.
‘Athraíonn an dinimic go mór le bás mar seo. Athraíonn gach rud. Ní páistí beaga i dteach sibh a thuilleadh, ach mothaíonn sé fós mar sin, go bhfuil sibh go léir beag arís.
‘Is rud rúnda é deartháir nó deirfiúr a chailleadh; tagann daoine chugam agus deir siad go ciúin, chuala mé faoi do dheirfiúr, chaill mise mo dheartháir, tá sé cruálach,’ a deir sí.
D’inis Bláthnaid freisin cé chomh crua is a bhí sé a hathair a chailleadh, ach go raibh cailliúint a deirféar ní hamháin brónach, ach ‘uafásach’.
Thug an tragóid seo uirthi machnamh a dhéanamh ar na caidrimh atá aici lena deirfiúracha eile agus lena páistí féin, agus aimsíonn sí í féin ag impí orthu aire a thabhairt dá chéile.
Beidh Bláthnaid ag caitheamh na Nollag i mbliana lena hiníon i Sydney.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.