Méadú 34% ar fhógraíocht i nGaeilge ó chomhlachtaí poiblí

28/10/2025

Tá €19m caite ag comhlachtaí poiblí ar fhógraíocht i nGaeilge agus ar na meáin Ghaeilge, a bhuíochas d’iniúchadh Oifig an Choimisinéara Teanga

Ó Kneecap go Imelda May go Catherine Connolly, tá guthanna na Gaeilge ag fás lá i ndiaidh lae.

Agus feicfear sin ar a dhícheall nuair a thiocfaidh an tOireachtas go Béal Feirste inniu (Dé Céadaoin), ag tabhairt 10,000 Gaeilgeoirí chuig an gcathair, áit a bhfeicfidh siad comharthaí i nGaeilge ar go leor sráideanna.

An Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn
An Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn

Mar sin féin, tá réabhlóid chiúin ar siúl i meáin eile freisin agus, le bheith cothrom, tharla sé sin mar gheall ar an obair a rinne ár dTeachtaí Dála agus ár n-airí.

Chuir siad alt 10A (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) i bhfeidhm trí bliana ó shin mar chuid d’Acht na dTeangacha.

Mar gheall ar sin tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí (e.g. ranna Rialtais, údaráis áitiúla agus forais oideachais) 20% dá bhfógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge agus ní mór do Chomhlachtaí Poiblí freisin 5% dá mbuiséad fógraíochta bliantúil a chaitheamh ar fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin Ghaeilge.

Mar gheall ar sin, i dtuarascáil atá Oifig an Choimisinéara Teanga tar éis a fhoilsiú, léiríonn torthaí iniúchta gur chaith comhlachtaí poiblí €19m ar fhógraíocht i nGaeilge i 2024 agus is ionann an caiteachas sin agus méadú 34% ar an gcaiteachas a rinne comhlachtaí poiblí i 2023.

Gaeilge sna meáin
Gaeilge sna meáin

Ar na torthaí eile ba shuntasaí caitheadh €5.2m ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge i 2024, arb ionann é sin agus méadú 37% ar an mbliain 2023. Cuimsíodh gníomhaíochtaí fógraíochta 397 comhlacht poiblí san iniúchadh do 2024.

D’éirigh leis na 397 comhlacht poiblí trí chéile, ar an meán, na tairseacha reachtúla caiteachais 5% de bhuiséad bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar na meáin Ghaeilge a bhaint amach, agus 20% dá bhfógraíocht iomlán a dhéanamh i nGaeilge ar mheáin Bhéarla agus Ghaeilge trí chéile.

Tháinig méadú 32% ar an méid airgid a caitheadh ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Bhéarla freisin, ó €10.4m i 2023 go €13.7m i 2024.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn: ‘Is tuar dóchais é an méadú ar láithreacht agus ar fheiceálacht na Gaeilge ar na meáin nua, thraidisiúnta agus dhigiteacha do neartú na Gaeilge go náisiúnta.

Screenshot 2025 10 28 203345

‘Is maith ann an borradh a tháinig ar na meáin Ghaeilge agus na sruthanna breise ioncaim a chruthaigh an reachtaíocht.’

Dúirt sé freisin: ‘Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ag leanúint den iniúchadh ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcloíonn gach comhlacht poiblí aonair leis an bhforáil i dtaca le fógraíocht i nGaeilge.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram