Léiríonn tuarascáil an chaoi ar céasadh (torture) agus ar mharaigh fórsaí Iosrael daoine a ghabh siad

Deir eagraíochtaí cearta daonna go bhfuil tuarascáil nua, a léiríonn céasadh agus dúnmharú ag Iosraelaigh, ‘uafásach ach ní aon ionadh é’

Léiríonn tuarascáil a d’fhoilsigh The Guardian go bhfuil comharthaí ciorraithe (mutilation) agus céasta trom ar choirp 135 Palaistíneach ar a laghad, a tugadh ar ais ó phríosúin Iosraelacha tar éis dóibh a bheith á gcoinneáil in ionad coinneála i bhfásach Negev.

Coinníodh na híospartaigh Phalaistíneacha ag Sde Teiman, bunáit mhíleata Iosraelach a tharraing aird idirnáisiúnta cheana féin ar an gcéasadh agus na básanna a bhí ann.

Tá teaghlaigh ag agóidíocht le blianta faoin gcaoi a gcaitear le príosúnaigh ag Iosrael
Tá teaghlaigh ag agóidíocht le blianta faoin gcaoi a gcaitear le príosúnaigh ag Iosrael

Dúirt stiúrthóir ginearálta Aireacht Sláinte Gaza, an Dr Munir al-Bursh, gur tháinig na coirp go Gaza le clibeanna Eabhraise (Hebrew tags) a léirigh gur coinníodh iad ag Sde Teiman, agus go rinneadh tástálacha DNA ann.

Léirigh go leor de na coirp fianaise ar dhúnmharuithe agus céasadh na daoine i stíl ‘execution’.

Dúirt oifigigh i nGaza gur aimsíodh cuid de na mairbh dallógacha (blindfolded) lena lámha ceangailte taobh thiar dá ndroim, agus go raibh géaga (limbs) brúite agus cnámha briste ar chuid eile.

Dúirt finnéithe gur chosúil gur rith feithiclí míleata thar cuid acu.

Sampla amháin a thug The Guardian aird air ná cás Mahmoud Ismail Shabat, fear 34 bliain d’aois ó thuaisceart Gaza.

Dúirt a theaghlach go raibh a lámha ceangailte agus a chosa brúite nuair a tugadh a chorp ar ais.

‘An rud ba mhó a ghortaigh sinn ná go raibh a lámha ceangailte, agus go raibh comharthaí soiléire céasta clúdaithe ar a chorp,’ a dúirt a dheartháir le tuairisceoirí.

Tá finnéithe Iosraelacha tar éis cur síos a dhéanamh ar na coinníollacha taobh istigh de Sde Teiman mar ‘mídhaonnachtúil. Dúirt siad gur iompraíodh príosúnaigh ó Gaza chuig an láthair dallógacha, lámhcheangailte, agus nocht.

Dúirt duine amháin gur chonaic sé lámh príosúnaigh á teascadh (amputated) tar éis gangrene, a ba chúis leis na geimhle (shackles).

D’oibrigh an fhoireann leighis faoi smacht míleata daingean, agus gan mórán rochtana acu ar mhaoirseacht neamhspleách.

Níor thráchtfadh Fórsaí Cosanta Iosrael ná Seirbhís Príosúin Iosrael ar na tuarascálacha.

Rinne eagraíochtaí cearta daonna cur síos ar an bhfaisnéis nua mar ‘uafásach ach ní haon ionadh é’.

D’iarr Lianna ar son Chearta Daonna Iosrael (Physicians for Human Rights Israel) ar imscrúdú idirnáisiúnta láithreach ar chóireáil príosúnach Palaistíneach, ag tabhairt rabhaidh go léiríonn an fhianaise mí-úsáid chórasach (systemic).

Dúirt saineolaithe dlí gur sháruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an patrún gortuithe agus an rúndacht a bhaineann leis na coinneálacha.

Ó thosaigh coimhlint Gaza i mí Dheireadh Fómhair 2023, creidtear gur bhásaigh 75 príosúnach Palaistíneach ar a laghad i gcoimeád Iosrael. Mar sin féin, tugann na figiúirí is déanaí le fios go bhféadfadh na figiúirí a bheith níos airde.

Tá imní dhomhanda athnuaite ag an tuarascáil faoin gcaoi a láimhseálann Iosrael coinneálaithe le linn na coimhlinte atá ar siúl.

Léiríonn an fhianaise ó Sde Teiman patrún níos leithne drochíde ar Phalaistínigh atá coinnithe ag Iosraelaigh thar na blianta.

Mar sin féin, in ainneoin na fianaise, is beag gníomh atá déanta ag rialtais an Iarthair a leanann orthu ag tacú le hIosrael trí thrádáil agus soláthar arm le húsáid chun Palaistínigh a mharú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram