

Dúirt an Leas-Chéad-Aire i Stormont go bhfuil sí ag iarraidh cosc a chur ar dhaoine ó thuaidh den teorainn vótáil ar son Uachtarán na hÉireann.
Rinne ceannaire an DUP, Emma Little-Pengelly, a ráitis díreach seachtain tar éis do bhaill dá páirtí dúshláin a sheoladh i gcoinne na Gaeilge i mBéal Feirste.

Deir páirtithe an Rialtais ó dheas den teorainn go dtacaíonn siad le cearta a thabhairt do gach saoránach in Éirinn vótáil ar son uachtarán, ach níl aon rud déanta acu faoi.
Tá Sinn Féin ag cur brú ar an Rialtas dul ar aghaidh leis an gceist ach níl aon ghealltanas úr tugtha maidir le reifreann ar vótáil ar son uachtarán.
In ainneoin gluaiseachtaí i dtreo comhair ar an dá thaobh den teorainn, tá ceannaire an DUP fós ag áitiú go gcaithfidh Rí na Breataine a bheith mar cheann stáit ó thuaidh den teorainn in Éirinn.

Sin tuairim phobal na nAontachtaithe agus deir sí go gcaithfidh gach duine eile glacadh leis sin.
Ag preasagallamh i ndiaidh Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (North South Ministerial Council) i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, dúirt Ms Little-Pengelly gurb é an Rí Séarlas ceann stáit an Tuaiscirt agus gurb é sin an chaoi a gcaithfidh sé fanacht.
Mar sin féin, léirigh Céad-Aire Michelle O’Neill, as Sinn Féin, an ‘easnamh daonlathach ollmhór’ atá ann maidir leis an chosc ar dhaoine sa Tuaisceart vótáil don uachtarán.
Mhínigh sí go bhféadfadh sí féin, mar shaoránach Éireannach, seasamh d’oifig Uachtarán na hÉireann ach fós nach bhféadfadh sí vótáil sa toghchán, toisc go bhfuil cónaí uirthi ó thuaidh den teorainn.
Sa bhliain 2013, mhol coinbhinsiún bunreachtúil sa Phoblacht an ceart vótála a leathnú chuig saoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí lasmuigh den Stát.

Éilíonn gluaiseacht den sórt sin reifreann chun an bunreacht a leasú agus bhí vóta le bheith ann sa bhliain 2019 ach cuireadh siar é mar gheall ar Brexit.
B’uachtarán na hÉireann í Mary McAleese i 1997 ach bhí sí ina cónaí ó thuaidh den teorainn mar sin ní raibh cead aici vótáil sa toghchán.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.