

Tá an t-amhránaí cáiliúil Imelda May, as Baile Átha Cliath, ag déanamh rud atá déanta ag a lán daoine in Éirinn le blianta beaga anuas.
Tá sí ag iarraidh ceangal a dhéanamh arís lena hoidhreacht féin trí mheán na Gaeilge.
Ach níor roghnaigh sí cúrsa ar líne ná ranganna oíche. Ina áit sin, thaistil sí timpeall na Gaeltachta ag lorg croí an tsean-nóis agus a ceangal féin leis an teanga.

Dúirt sí: ‘Turas pearsanta a bhí ann dom. Thaistil mé ó cheann ceann na Gaeltachta ag lorg slí le filleadh ar ár dteanga dhúchais, tar éis di a bheith brúite uainn.
‘Fuair mé amach go bhfuil draíocht sa cheol — is cosúil gur eochair é chun an bealach a oscailt. Agus ar an mbealach, bhuail mé le daoine fíor-chineálta, eolach agus teolaí.’
Chuaigh sí ó An Rinn i bPort Láirge go Múscraí i gCorcaigh, ar aghaidh go Ciarraí Thiar, Conamara agus Toraigh i nDún na nGall — ag iarraidh ceangal nua a dhéanamh leis an nGaeilge trí amhráin thraidisiúnta agus an tsean nós.
Is cuid de shraith nua í seo, Imelda May: Amhráin na nGael, a thosóidh ar RTÉ a hAon agus Seinnteoir RTÉ anocht ag 8.30pm.
Dúirt Imelda, atá as na Saoirsí (Liberties) i mBaile Átha Cliath: ‘Tá súil agam gur léirigh mé an caidreamh casta atá ag go leor againn leis an nGaeilge.
‘Tá súil agam go dtiocfaidh sibh liom ar an turas álainn seo agus go laghdófar an bhearna idir líofacht agus sinne atá ag iarraidh a bheith líofa.’

Le linn na sraithe, déanann sí iniúchadh ar chartlanna bailitheoirí ceoil mar Risteard De Hindeberg agus Elizabeth ‘Bess’ Cronin, a chaomhnaigh oidhreacht shaibhir amhrán.
Chabhraigh amhránaithe mar Muireann Nic Amhlaoibh, Ann Mulqueen, Caitlín Ní Chualáin, Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill léi, chomh maith le Lillis Ó Laoire, Liam Ó Maonlaí, agus Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta.
Dúirt Maggie Breathnach ó Red Shoe Productions gur tháinig an smaoineamh don seó seo toisc gur tógadh ise sa Ghaeltacht, ach gur thaitin an Ghaeilge le hImelda i gcónaí cé nach raibh sí líofa inti.
Mar sin féin dúirt sí: ‘Nuair a chuala mé í ag canadh ‘Eibhlín a Rúin’ le Ann Mulqueen, le fuaimniú agus mothúchán ceart — bhí mé ag caoineadh. D’éirigh léi.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.