Faic sa Bhuiséad do lucht PAYE agus tá fearg i bhFianna Fáil

08/10/2025

Tá faoiseamh cánach do ‘building developers’ agus McDonald’s ach níl aon tacaíocht do theaghlaigh atá ag streachailt le costas maireachtála sa Bhuiséad, agus tá Teachtaí Dála Fhianna Fáil mífhoighneach anois leis an Taoiseach.

Tá an cinneadh CBL (VAT) a ghearradh do bhialanna agus d’asraonta mearbhia ar nós McDonald’s – in ionad laghduithe cánach a thabhairt d’oibrithe agus cabhrú le teaghlaigh íoc as an gcostas ard maireachtála – ag cur fearg ar bhaill Fhianna Fáil.

Tá go leor Teachtaí Dála agus seanadóirí sa pháirtí Rialtais mífhoighneach cheana féin lena gceannaire Micheál Martin mar gheall ar an bpraiseachfaoi Jim Gavin agus an rás don Áras.

Cad atá sa Bhuiséad?
Cad atá sa Bhuiséad?

Tá mearbhall orthu anois faoin gcaoi a bhfuil tacaí cánach sa Bhuiséad €9.4 billiún d’fhorbróirí foirgneamh (building developers), do chuideachtaí ilnáisiúnta mearbhia (fast-food multinationals) – ach ní do na vótálaithe a chabhraigh le Fianna Fáil le bheith mar an pháirtí is mó san Oireachtas agus sa rialtas áitiúil araon.

Sa Bhuiséad laghdófar ráta CBL (VAT) ar na hearnála fáilteachais go 9% ó mhí Iúil agus laghdaíodh CBL ar dhíolacháin árasán nua ó 13.5% go 9% go dtí 2030 freisin.

Mar sin féin, tiocfaidh sé seo i bhfeidhm ón lá inniu, rud a chiallaíonn go mbainfidh árasáin atá tógtha cheana féin leas as an laghdú.

Idir an dá linn, in ainneoin gealltanais sa Chlár Rialtais chun an Creidmheas Cánach Cíosa a mhéadú, fanfaidh sé ag €1,000 go dtí 2028, agus ní bheidh aon sochar cánach ann d’oibrithe ÍMAT (PAYE).

  • Tá roinnt tacaíochtaí ann do na daoine is leochailí sa tsochaí:
  • méadaíodh an liúntas breosla seachtainiúil faoi €5 agus síneadh é chuig na daoine atá incháilithe don íocaíocht teaghlaigh oibre;
  • méadaíodh an tairseach tuillimh (earning threshold) don liúntas cúramóirí go €54,000 do dhuine aonair agus €108,000 do theaghlach;
  • rinneadh méadú ar an liúntas cuardaitheora poist (jobseeker’s allowance) agus ar an bpinsean Stáit;
  • agus sínfear faoiseamh úis morgáiste ar feadh dhá bhliain eile.

Mar sin féin, ní leor sin chun fearg ionadaithe poiblí Fhianna Fáil a mhaolú, a fheiceann an obair chrua a rinne siad chun a bheith tofa anuraidh faoi bhagairt thromchúiseach.

Tá an Irish Daily Mail ag tuairisciú gur bhuail ‘grúpa mór’ Teachtaí Dála agus seanadóirí le chéile in oifig an Teachta Dála James O’Connor i dTeach Laighean Dé Máirt.

Mar sin féin, dúirt cuid de na daoine a bhí ann nach raibh siad ag eagrú coup in aghaidh an cheannaire, ach go raibh siad chun na botúin atá á ndéanamh a cháineadh.

Thug an Rialtas eolas faoi Bhuiséad 2026 don Dáil le €1.3 billiún i laghduithe cánach agus €8.1 billiún i gcaiteachas.

Cáin Ioncaim

Níl aon athrú ar cháin phearsanta ná ar innéacsú sa bhuiséad – fanfaidh an cháin ar thuarastail mar atá, cé go bhfuil praghsanna earraí ag dul i dtreise.

Má fhaigheann duine ardú pá, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh sé isteach i ráta cánach níos airde mar nach bhfuil an t-innéacsú athraithe.

Ardófar an t-íosráta pá go €14.15 san uair ó 1 Eanáir. le sin beith athrú ar an ráta 2% is ísle den USC chun oibrithe lánaimseartha ar an íosráta pá a choinneáil lasmuigh de.

  • Ardú os cionn 2c sa lítear ar pheitril agus díosal mar gheall ar ardú sa Cháin Charbóin ó €63.50 go €71 an tona.
  • Leanfaidh an faoiseamh VRT €5,000 do ghluaisteáin leictreacha go dtí deireadh 2026.
  • Fanfaidh an ráta laghdaithe 9% ar ghás agus leictreachas i bhfeidhm go dtí 31 Nollaig 2030.
  • Gnóthaí agus Cánacha
  • • Laghdú ar an ráta CBL (VAT) do bhialanna agus bialanna mearbhia ó 13.5% go 9% ó Iúil seo chugainn.
    • Tairbhe do lucht forbartha réadmhaoine – laghdú ar CBL ar dhíol árasáin críochnaithe go 9%.
  • Leas Sóisialta
  • • Ardú €10 ar gach íocaíocht sheachtainiúil, an pinsean san áireamh.
    • Ardú €8 ar Íocaíocht Tacaíochta Linbh do pháistí faoi 12, agus €16 do pháistí os cionn 12.
    • Ardú ar an teorainn ioncaim do Liúntas Cúramóra: €1,000 do dhuine singil, €2,000 do lánúin.
    • Ardú €5 ar an Liúntas Breosla go €38 sa tseachtain.
  • Tobac agus Ól
  • • Ardú 50c ar phacáiste 20 toitín ó oíche Dé Máirt.
    • Gan athrú ar cháin alcóil.
    • Cáin nua 50c sa mhillilítear ar leacht le nicitín do ‘vapes’.

Páistí

•125 milliún breise don scéim Luathbhlianta.
•Fanfaidh an Creidmheas Cánach Tachta €1,000 mar atá.

Cosaint agus Dlí

  • Maoiniú do 400 ball breise sna Fórsaí Cosanta sa bhuiséad.
  • Maoiniú d’earcú suas le 1,000 garda traenála.
  • €39 milliún breise don tSeirbhís Phríosúnach – iomlán €579 milliún don bhliain.

Ealaíon

  • Leathnú ar an gCreidmheas Cánach Scannán – faoiseamh 40% ar chaitheamh €1 milliún ar éifeachtaí amhairc.
  • Síneadh 6 bliana ar an gCreidmheas Cánach Cluichí Digiteacha go dtí Nollaig 2031.

Spórt

  • €18.7 milliún don Chiste Bonneagair Spóirt Scála Mór sa bhuiséad.
  • €3 milliún in aghaidh na bliana don FAI do shacar óige.
  • €727,000 don IRFU do rugbaí na mban.
  • €983,000 breise don CLG.
  • €1.56 milliún don Chumann Imreoirí Gaelacha.
  • €1.5 milliún breise don chiste €10.46 milliún do chláir spóirt.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram